Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gnólachtaí Cruthaitheacha

Teacht aniar agus diongbháilteacht ghnólachtaí cruthaitheacha Dhún na nGall á gceiliúradh

 

Donegal Creative business event 379x269

Gnólachtaí a bhfuil ailt fúthu in ‘Dún na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’ ag fáil a gcéad amhairc ar an leabhar a críochnaíodh ar na mallaibh.

Ina measc siúd i gcuideachta Phríomhfheidhmeanach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamas Mac Conghaile, Ceannaire na Fiontraíochta, Michael Ó Tonnaigh, Leascheannaire na Fiontraíochta, Brenda Hegarty agus Liam Poirtéir a scríobh na scéalta, áiríodh - Paul Mac Mathúna, The Rusted Pixel,, Sharon Nic Dhaibhéid, Gailearaí Silverbirch, Lynn Costello Erskine, The Pear in Paper, Caitlín Nic Gabhann ó Caitlín.ie, Tomás Mac Lochlainn, Tádaiás, Karen Ní Chatháin, Dearaí Koko, Elaine, Lyndsey agus Zara Nig Congail ó McGonigle Glass.

 

Tá gné-alt fosta sa leabhar faoi Jessica Peoples ó Stiúideo Damhsa Zona ach níl sise sa ghrianghraf.

Teacht aniar agus diongbháilteacht ghnólachtaí cruthaitheacha Dhún na nGall á gceiliúradh

Rinneadh ceiliúradh ar theacht aniar, diongbháilteacht agus uaillmhian ocht ngnólacht chruthaitheacha ó Dhún na nGall i leabhar agus i sraith de ghearrthóga físe, a choimisiúnaigh Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall.

 

Seoladh ‘Dun na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’, i dTeach Chnoc na Carraige le linn Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla, agus tá scéalta faoi Sharon Nic Dhaibhéid, Gailearaí Silverbirch i gCarn Domhnach, Jessica Peoples ón Chomhlacht  Damhsa Zona i Leitir Ceanainn, Lynn Erskine Costello ón Pear in Paper, Baile Dhún na nGall,  Karen Ní Chatháin, Dearaí Koko, Ráth Mealtain, Elaine, Lyndsey agus Zara Nig Congail ó  ó McGonigle Glass., Baile Dhún na nGall,  Caitlín Nic Gabhann ó Ghaoth Dobhair agus Tomás Mac Lochlainn, Tádaiás , Mainéar Uí Chuinneagáin.

 

 

Donegal creative business event Girls 379x269

Elaine, Lyndsey agus Zara Nig Congail ó McGonigle Glass. ag seoladh ‘Dun na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’ ar na mallaibh.

 

Is é seo an dara leabhar i sraith de scéalta dearfacha gnó ón chontae, a thagann i ndiaidh ‘Dún na nGall – Cruthaímid Rudaí’ a foilsíodh anuraidh agus ina raibh ailt ar 6 ghnólacht a bhfuil a n-aird ar dhéanmhas / déantúsaíocht agus easpórtáil ar an mhórchóir.


Ba iad na tionscail chruthaitheacha sa chontae téama an fhoilseacháin i mbliana agus níl sa léargas a thugtar ar ghnólachtaí ach spléachadh ar an saineolas cruthaitheach ilchineálach atá sa chontae.

 

BBC Ulster & Sharon McDaid - Donegal creative business event 379x269

Marie-Louise Muir ó BBC Uladh ag labhairt le Sharon Nic Dhaibhéid ó Stiúideonna Silverbirch, Carn Domhnach ag seoladh ‘Dun na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’

 

Lé scéalta faoi ealaín agus mionsamhlacha 3T, déanamh gloine agus damhsa, déanamh cártaí agus ceoil, péinteáil síoda agus cúrsaí faisin, ní hamháin go ndíríonn an méid a foilseoidh aird ar phaisean na ndaoine sin atá rannpháirteach sna tionscail chruthaitheacha ach taispeánann sé fosta oiread diongbháilteachta agus tiomantais a bhí de dhíth le go mbeadh rath ar na gnólachtaí.



Ag labhairt dó le linn an tseolta ag Teach Chnoc na Carraige, dúirt Ceannaire na Fiontraíochta, Michael Ó Tonnaigh go bhfuil an chruthaíocht go smior i nDún na nGall agus go léiríonn na scéalta ón leabhar a éagsúla agus a ilchineálaí atá leibhéil na cruthaíochta sa chontae.

 

 

Sharon Maxwell LYIT - Donegal creative business event 379x269

Sharon Maxwell, léachtóir ar an chúrsa ‘Faisean agus Poiblíocht’ in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le linn ‘Dun na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’ a bheith á sheoladh ag Teach Chnoc na Carraige.


Luaigh sé fosta, áfach, go mbíonn an chruthaitheacht seo i ngach aon disciplín agus d’áitigh sé de thairbhe na dtréithe a léirigh na gnólachtaí cruthaitheacha agus a chuidigh leo a bheith rathúil gur tréithe iad atá ag na gnólachtaí uilig i gcoitinne.

 

“Nuair a rinne muid an chéad sraith de scéalta a choimisiúnú anuraidh, ba é an plean a bhí againn ón tús a thaispeáint a leithne agus a éagsúla atá réimse na ngnólachtaí anseo i nDún na nGall – ach fosta bhí sé i gceist againn a léiriú gur féidir, as seo, gnólacht láidir rathúil a thógáil.

 

Caitlin.ie and Pear in Paper - Donegal creative business event 379x269

Sa ghrianghraf, tá Caitlín Nic Gabhann ó Caitlín.ie agus Lynn Costello Erskine ón Pear in Paper, agus na píosaí  comórtha ealaíne a coimisiúnaíodh go speisialta agus a dhear Ciarán Boyce ó Éire Ár Linne le linn seoladh ‘Dun na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’ ar na mallaibh.

 

Is anseo i nDún na nGall a fhaigheann na comhlachtaí cruthaitheacha seo uilig an spreagadh s’acu, ach rud eile atá faighte amach ag na gnólachtaí seo uilig, leis an chuidiú agus an tacaíocht a fuair siad ón Oifig Fiontair Áitiúil, gur ón tallann agus ón uaillmhian atá acu a thagann fíor-rath ar a ngnó dáiríre.”

 

Mhol an tUasal Ó Tonnaigh do dhuine ar bith a bhfuil gnólacht nó smaoineamh faoi ghnó aige dul i dteagmháil leis an Oifig Fiontair Áitiúil.

 

Léirigh muid sna scéalta seo le blianta beaga anuas gur áit iontach í Dún na nGall le cónaí inti agus gnó a dhéanamh. Léirigh muid, ach an meon ceart a bheith agat agus cuidiú a iarraidh, gur féidir na dúshláin a shárú agus a bheith lonnaithe anseo i nDún na nGall agus gan a bheith áitiúil – thig leat gnó rathúil a bheith agat ar bhonn domhanda.” ar seisean mar fhocal scoir.

 

Michael Tunney & art pieces - Donegal creative business event 379x269

Sa ghrianghraf, tá Ceannaire Fiontair Dhún na nGall, Michael Ó Tonnaigh agus dhá phíosa comórtha ealaíne a coimisiúnaíodh go speisialta agus a dhear Ciarán Boyce ó Éire Ár Linne le linn seoladh ‘Dun na nGall – Muidinne a Chruthaíonn’ ar na mallaibh.

Is thar ceann Jessica Peoples ó Stiúideo Damhsa Zona, a bhí i Londain leis an ghrúpa damhsa agus nach raibh in ann a bheith ag an seoladh, a thóg Michael píosa amháin agus is don Oifig Fiontair Áitiúil an ceann eile a léiríonn na scéalta uilig a raibh gné-ailt orthu sa leabhar.

Is trí chomh-mhaoiniú ó Rialtas na hÉireann agus ó Chiste Forbraíocht Réigiúnach na hEorpa 2014-2020 a fhaigheann Oifig Fiontair Dhún na nGall a tacaíocht. Chun dul i dteagmháil le hOifig Fiontair Dhún na nGall, logáil isteach ag www.localenterprise.ie/donegal

nó cuir scairt ar  0749160735.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO