Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim as Seirbhísí Dóiteáin

Gradaim Fadseirbhíse bronnta ar 7 gComhraiceoir Dóiteáin as Dún na nGall

An tseachtain seo caite, bronnadh Gradaim Fadseirbhíse ar Sheachtar Comhraiceoirí Dóiteáin as Dún na nGall. Ba é an tUas. Paudie Coffey T.D., An tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ag searmanas ag Óstán an Red Cow Morans, Baile Átha Cliath.

 

Bronntar na gradaim seo darna achan bhliain agus tá dhá ghradaim ar leith i gceist, gradam fá choinne seirbhís 20 bliain, agus gradam fá choinne seirbhís 30 bliain. I mbliana, bhí seisear as Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall i dteideal na gradaim 20 bliain a fháil agus duine amháin a bhí i dteideal an gradam 30 bliain a fháil.

 

Bronnadh an Gradam 20 Bliain ar Chomhraiceoir Dóiteáin Vincent Butler, Briogáid Dóiteáin Charn Domhnach, Comhraiceoir Dóiteáin Philip Doherty, Briogáid Dóiteáin Bhun Cranncha. Comhraiceoir Dóiteáin Neil Gilliland, Briogáid Dóiteáin Bhun Dobhráin, Comhraiceoir Dóiteáin John Griffin, Briogáid Dóiteáin Shrath an Urláir, Oifigeach Fostáisiúin Don Magee, Briogáid Dóiteáin Bhun Cranncha agus Comhraiceoir Dóiteáin Robert Quinn, Briogáid Dóiteáin na gCealla Beaga.

 

Bronnadh an Gradam 30 Bliain ar Chomhraiceoir Dóiteáin Ronnie White, Briogáid Dóiteáin Leitir Ceanainn.

 

Seo mar a labhair an tAire Coffey ag an searmanas "Tá an cuspóir céanna leis na gradaim seo sa lá atá inniu ann agus mar a bhí nuair a seoladh iad in 1992. Is é seo an dóigh a dtugann an t-údarás áitiúil ómós d'oibrithe sheirbhís dóiteáin an údaráis áitiúil as a 'bheith ann' ar feadh na mblianta, as bheith toilteanach freagairt do scairteanna ar chuidiú, an t-am ar fad, agus in achan chineál aimsire."

 

Agus ar seisean chomh maith "Ba mhaith liom a mheabhrú daoibh anseo go gcuireann na Comhraiceoirí Dóiteáin seo atá inár láthair inniu seirbhís túslíne ar fáil atá fíorthábhachtach do shábháilteacht an phobail, agus tá mé buíoch an deis seo a bheith agam mo bhuíochas pearsanta a ghabháil libh ar fad as an mhéid mhór atá déanta agaibh ar mhaithe le sábháilteacht na sochaí seo."

 

Rinne an Cathaoirleach, Clr John Campbell, comhghairdeas leis na hOibrithe Seirbhíse Dóiteáin as na clochmhílte éagsúla seo a bhaint amach agus ar seisean "is deis iontach iad na gradaim seo le buíochas a ghabháil lenár gcuid Oibrithe Seirbhíse Dóiteáin féin as a ndúthracht agus as a ndíograis lenár bpobail i nDún na nGall a choinneáil slán".

 

Agus thacaigh an Príomh-Oifigeach Dóiteáin Gníomhach, an tUas. Joseph MacTaggart leis an mhéid a bhí le rá ag an Chathaoirleach, agus is é a dúirt sé féin "thar mo cheannsa féin agus thar ceann Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hoibrithe ar a gcuid gradam a bhaint amach agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as na blianta fada atá tugtha acu don tseirbhís."

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO