Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Esri

Mór-Ghradaim Aitheantais do Thograí de chuid na Comhairle

An tAire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtrannacha le freagracht ar leith d'Éireannaigh thar lear Jimmy Deenihan TD (ar dheis) i gcomhar leis an Phríomh-Fheidhmeannach, Séamas Mac Conghaola agus Rosita Mahony, Comhairle Contae Dhún na nGall, buaiteoir Dhúshlán Bliantúil Léarscáile 2015 de chuid Esri Éireann.

 

Tá dhá ghradam mhóra bainte ag dhá thogra de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, inar léiríodh nuálaíocht ar leith i dtaca lena ngné oideachasúil agus spreagtha.

 

Is í Rosita Mahony, Oifigeach Taighde agus CFG le Togra Spásúil an Iarthuaiscirt do Thogra Diaspóra Chomhairle Contae Dhún na nGall ‘Scairt na hÉireann – lena Diaspóra Domhanda a thabhairt abhaile’ an príomhbhuaiteoir i nDúshlán Bliantúil Léarscáile 2015 'Maps Make Sense for Salzburg' de chuid Esri Éireann.. Tá Rosita lonnaithe san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn.

 

Cuireadh an togra faoi bhráid an Aire don Diaspóra an tUas. Jimmy Deenihan ar na mallaibh ag ócáid bhronnta Ghradam Tip Uí Néill i mBun Cranncha.  Chuir sé béim ar na féidearthachtaí a bhaineann le teicneolaíocht léarscáilíochta, le nascadh leis an phobal domhanda Éireannach thar lear.

 

 

Ceannaire an Togra CF (CFG), Córais Faisnéise, Daragh McDonagh leis an phlaic agus teastas a bronnadh air de bharr a chuid scéal-léarscáileanna, a bhain gradam ar na mallaibh.

 

Ainmníodh Daragh McDonagh, Ceannaire an Togra CF (CFG), Córais Faisnéise, mar bhuaiteoir chomh maith sa chomórtas céanna lena  ‘Thuras 3D ar Chnoic Dhún na nGall’. Tá seisean lonnaithe i gCeanncheathrú na Comhairle i Leifear. Bhain an togra céanna gradam mór eile sa chatagóir le haghaidh Taistil, Cinn Scríbe agus Caithimh Aimsire ag Comhdháil Úsáideoirí Idirnáisiúnta Esri 2015 in San Diego, California, ar na mallaibh.

 

Is é an dúshlán a cuireadh roimh iarrthóirí sa chomórtas don Dúshlán Bliantúil Léarscáile 2015 ná go raibh orthu scéal-léarscáil a chruthú a thugann idir eolas agus spreagadh.

 

Fuair Rosita a hionsparáid don léarscáil ón taithí a fuair sí agus í ag obair le hAonad Taighde agus Beartais Chomhairle Contae Dhún na nGall, faoi threoir Loretta McNicholas, agus í ag fáil iarratais ó ghníomhaireachtaí maidir leis an chúlú eacnamaíochta agus na himpleachtaí atá aige sin ar an eisimirce.

 

Bhí go leor taighde le déanamh leis an scéal-léarscáil a fhorbairt i dtaca leis an Diaspóra Éireannach agus na fíricí agus staitisticí eacnamaíochta agus le tuiscint a fháil ar cén fáth a raibh orthu imeacht.  Bhíothas ag iarraidh a fháil amach cá háit a bhfuil cónaí anois ar na daoine sin a rugadh in Éirinn, agus thángthas ar bhunachar sonraí de chuid an NA a bhíothas in ann a úsáid le tréimhsí ama a fhorbairt agus leis an spré dhomhanda a thaispeáint ar dhóigh an-éifeachtach ar léarscáil teasa.

 

Tá an t-eolas cuí anois ar fáil chun cinnithe a dhéanamh, agus táthar ag iarraidh ar dhaoine páirt a ghlacadh in Aimsitheoir Scileanna Domhanda de chuid Dhiaspóra Dhún na nGall le nascadh a dhéanamh le deiseanna fostaíochta sa bhaile.

 

Beidh Rosita ag léiriú a togra don Aire Scileanna, Taighde agus Nuálaíochta an tUas. Damien English agus an tAire Deenihan.

 

Turas 3D

Ó mhullach grianchloichíte cáiliúil na hEargáile, go dtí aillte farraige iontacha Shliabh Liag, tá neart tailte arda i nDún na nGall le taiscéaladh de shiúl na gcos. Tugann léarscáil Daragh duine ar thuras 3D thart ar na príomhshléibhte agus tá radharcanna réamhshocraithe ann ó thaobhanna éagsúla. Chuir sé eolas beo i dtaca le tuar na haimsire ann fosta le go mbeadh an tírdhreach 3D níos idirghníomhaí

 

Agus é ag déanamh comhghairdis leis an dá bhuaiteoir dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Ciarán Ó Brógáin, go raibh súil aige go mbeadh teacht ag an Diaspóra Éireannach thar lear ar an dá thogra, agus go mbeadh eolas ar fáil, tríd na léarscáileanna idirlí, dóibh siúd ar mian leo pilleadh ar Éirinn

 

"Tugann scéal Rosiate na heisimircigh ar thuras lán d'fhíricí crua eacnamaíochta ar na cúiseanna a raibh orthu imeacht, ach chomh maith leis sin, lena chur in iúl dóibh go bhfuil feabhas ar teacht ar chúrsaí eacnamaíochta anois agus le roinnt eolais a thabhairt dóibh lena machnamh a dhéanamh air agus iad ag smaointiú ar philleadh 'na bhaile.

 

"Táthar in ann na sonraí atá sa scéal-léarscail seo a úsáid le go mbeidh lucht déanta polasaithe eolach ar cad iad na poist go díreach ar chóir díriú orthu san am atá romhainn, bunaithe ar na freagraí atá faighte tríd an Aimsitheoir Scileanna. Táthar den bharúil, agus muid i mbun cur chuige úr nuálach i dtaca leis an Diaspóra Éireannach thar lear a thuigbheáil tríd an Aimsitheoir Domhanda Scileanna, gur tríd na meáin shóisialta arbh fhearr eolas a scaipeadh i measc na glúine seo

 

Dúirt an Clr. Ó Brógáin, leis, go spreagann Scéal-Léarscáil Dharagh thú le 'do chuid málaí a phacáil agus do chuid buataisí a chur ort i ndiaidh duit cnoic Dhún na nGall, Éire a fheiceáil ó pheirspictíocht iomlán úr 3D'. 

 

Cuireadh san áireamh sa scéal-léarscáil dá chuid a roghnaíodh an dearadh, eispéireas úsáideora, tionchar, agus cruthaitheacht i gcoitinne ó thaobh scéal suimiúil agus tarraingteach a inse" ar seisean.

 

Chuir Paul Synnott ó Esri Éireann leis an mhéid sin: "Thar ceann Esri Éireann ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis na buaiteoirí, agus cuireann caighdeán agus cáilíocht na n-iontrálacha Scéal-Léarscáile iontas orainn i gcónaí. Bhí 24 iontráil ar an chomórtas i mbliana agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach ceann de na hiontrálaithe a thacaigh leis an dúshlán".

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO