Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Oidhreachta Bailte Slachtmhara

Gradaim Oidhreachta i gComórtas na mBailte Slachtmhara

Tidy Towns Heritage Awards 2

Bhain Turas Oidhreachta Bhun Cranncha an Gradam Náisiúnta Oidhreachta, urraithe

ag An Chomhairle Oidhreachta, in 2014 mar chuid de chomórtas na mBailte Slachtmhara.

 

 

Tá Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall ag tathant ar ghrúpa Bailte Slachtmhara ar fud Chontae Dhún na ngall cur isteach ar Ghradaim Oidhreachta na mBailte Slachtmhara mar chuid de chomórtas na bliana seo.  Bíonn dhá ghradam oidhreachta ar fáil gach bliain: An Gradam Oidhreachta (urraithe ag An Chomhairle Oidhreachta) agus Gradam Pailneora (urraithe ag Oifigí Oidhreachta Údaráis Áitiúla agus Oifigí Bithéagsúlachta).  Is í An Aoine 20 Bealtaine, 2016 an dáta druidte le haghaidh iarratais a bheith istigh.

 

 

“Tá urraíocht tugtha ag An Chomhairle Oidhreachta do Ghradam Oidhreachta na mBailte Slachtmhara ó bhí 1999 ann” a dúirt Joe Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Féachann sé le tuiscint níos fearr a chothú i dtaca le luach ár n-oidhreachta ó thaobh an chaighdeáin mhaireachtala  agus na forbartha inbhuanaithe de.  Aithníonn an Gradam Oidhreachta tograí a dhéanann an oidhreacht a aithint, a chaomhnú agus a chur chun cinn ar dhóigh a mheallann rannpháirtíocht an phobail agus a spreagann iad.  Bíonn buaiteoir náisiúnta amháin sa chatagóir seo a fhaigheann duais €1,000.  I measc na mbuaiteoirí a bhí ann le roinnt blianta anuas bhí Turas Oidhreachta Bhun Cranncha in 2014 agus Togra Athchóirithe Theach Solais Bhun Cranncha in 2012’.

 

Tá Gradam úr Pollinator á thabhairt isteach don chéad uair i mbliana chuig comórtas na mBailte Slachtmhara, agus é urraithe ag Oifigí Oidhreachta Údaráis Áitiúla agus Oifigí Bithéagsúlachta.  Tógann an gradam ar na moltaí atá sa Phlean Pailneora Uile-Éireann (2015-2020) ina n-aithnítear a thábhachtaí agus atá beacha in Éirinn i dtaca le plandaí, crainn agus glasraí a phailniú.  “Tá meath i ndiaidh teacht ar líon na mbeach le blianta beaga anuas mar go bhfuil níos lú áiteanna acu ina dtig leo nead a thógáil agus níos lú bia ar fáil dóibh amuigh faoin tuath” a mhínigh an tUas. Gallagher.  “Tá sé de chuspóir ag an ghradam seo coistí Bailte Slachtmhara a spreagadh le gníomhartha pailneoir-chairdiúla a chur i bhfeidhm i mbailte agus i sráidbhailte, mar shampla; ligint do bhláthanna fiáine fás leo ar thaobh an bhealaigh mhóir, ar imill pháirceanna agus ag úsáid plandáil níos pailneoir-chairdiúla i bpáirceanna agus i ngairdíní’.   Beidh buaiteoir náisiúnta amháin ann agus ceithre bhuaiteoir réigiúnda sa dá chatagóir: (I) sráidbhaile nó baile beag agus (ii) baile mór nó ionad uirbeach.  Bronnfar duais €1,000 ar gach buaiteoir réigiúnda agus gheobhaidh an buaiteoir náisiúnta in achan chatagóir duais €1,000 sa bhreis. 

 

Tá tuilleadh eolais faoi na gradaim oidhreachta ar fáil ar shuíomh idirlín na mBailte Slachtmhara ag www.tidytowns.ie agus ar shuíomh idirlín na Comhairle Oidhreachta ar www.heritagecouncil.ie

 

Tidy Towns - Bee Illustration

 Tá meath ag teacht ar líon na mbeach in Éirinn ach tá ról fíorthábhachtach le himirt acu i dtaca lenár

Bplandaí, crainn agus glasraí a phailniú.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO