Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradam Bia Bhlas na hÉireann

An bhféadfadh do tháirge bia a bheith sa chéad bhuaiteoir eile ar Ard-Ghradam Bia in Éirinn?

Tá Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall ag iarraidh ar fhiontraithe áitiúla agus ar úinéirí gnó sa tionscal bia cur isteach ar ghradaim Bhlas na hÉireann le borradh a chur faoin earnáil bhia i nDún na nGall, atá ag fás léi.

 

Tá an earnáil bhia aitheanta mar earnáil atá ag teacht chun cinn i gContae Dhún na nGall agus féidearthachtaí ann le fostaíocht a chruthú agus a mhéadú i dtionscal an bhia ar fud an Chontae.

 

Tá Gradaim Bhia Éireann, Blas na hÉireann, ar an chomórtas is mó dá chineál in Éirinn. Tarraingtear breis agus 2,000 iontráil gach bliain, agus tá a chreidiúint chomh forleathan sin go bhfuil an spriocdháta le haghaidh iontrálacha sa chomórtas curtha ar aghaidh chuig an 24 Meitheamh i mbliana. 

 

Is é is aidhm le Gradaim Bhlas ná aitheantas a thabhairt do tháirgeoirí díograiseacha dúthrachtacha a chruthaíonn bia agus deochanna d'ardchaighdeán, agus atá dáiríre fá mhargaíocht a dhéanamh ar a gcuid táirgí iontacha i margaí na hÉireann agus ar fud an domhain.  Anuraidh, rinne painéal de 350 moltóir níos mó ná 2,000 a bhlaiseadh 'go dall' leis 'an cheann is fearr' a roghnú. 

 

Is é a dúirt Eve Anne McCarron ó Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall "Anuraidh, bhí táirgeoirí ar nós Gallaghers agus Mulrines i measc na n-iarratasóirí is fearr ag Gradaim Bia Éirinn, Blas na hÉireann.  Sciob siad leo boinn Óir, Airgid agus Chré-Umha as cuid de na táirgí is fearr blas sa tír, iad uilig déanta i nDún na nGall, ó comh-ábhair a fuarthas go háitiúil". 

 

Agus ar sise "i mbliana, tá muid ag féachaint le táirgeoirí áitiúla a spreagadh chun cur isteach ar na Gradaim trí urraíocht a dhéanamh ar dhuais le haghaidh 'an Blas is Fearr i nDún na nGall' agus 'An Blas is Fearr i Margadh Feirme Dhún na nGall', leis na táirgeoirí is fearr i nDún na nGall a théann i gcion ar bhlaslóga na moltóirí i mbliana a phiocadh amach".

 

Tá síneadh ama le cur isteach ar chomórtas na bliana seo go dtí an 24 Meitheamh.  Bronnfar na duaiseanna ar na táirgeoirí is fearr ag Searmanas Bronnta i nDaingean Uí Chúis Dé Sathairn 4 Deireadh Fómhair.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar na gradaim agus le cur isteach, téigh chuig www.irishfoodawards.com.

 

Críoch

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO