Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradam Tip Uí Néill

Ócáid Bhronnta Ghradam Tip Uí Néill

Naisc láidre idir Dhún na nGall - SAM neartaithe ag Searmanas Bronnta Ghradam Tip Uí Néill

 

Buaiteoir Ghradam Dhiaspóra Éireann Tip Uí Néill 2015 - Loretta Brennan Glucksman

 

Neartaíodh na naisc láidre idir Dhún na nGall agus Stáit Aontaithe Mheiriceá oíche Dé hAoine nuair a tugadh ómós do bhuaiteoir Ghradam Dhiaspóra Éireann Tip Uí Néill 2015 ag searmanas mór in Óstán Thairseach Inis Eoghain i mBun Cranncha.

 

Dúirt buaiteoir na bliana seo, an daonchara clúiteach as SAM Loretta Brennan Glucksman, gur mór an onóir agus ábhar buíochais di an t-aitheantas seo a fháil ó chontae a sinsear siúd.

 

Chualr an scaifte mór a bhí i láthair don ócáid Fear an Tí, an léitheoir nuachta Aengus Mac Grianna, léargas cuimsitheach ar shaol agus ar shaothar Bn. Uas. Glucksman, chan amháin i dtaca le Ciste Éireann Mhéiriceá ach i dtaca leis an obair fhorleathan dhaonchairidiúil a rinne sí le breis agus fiche bliain ar an oideachas, na healaíona, cúram sláinte agus tograí síochána.

  

Labhair An Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, faoin lúcháir a bhí air fein agus ar an Chomhairle a bheith páirteach san ócáid ardmheasúil seo agus faoin choimitmint agus an tiomantas a bhí acu leanúint lena naisc láidre leis an Diaspóra Éireannach.

 

Labhair sé faoin tionchar ollmhór a bhí ag Tip Ó Néill, nach maireann, ar shaol na hÉireann agus ghabh sé buíochas lena mhuintir as na naisc láidre a choinneáil le Dún na nGall agus gan dearmad a dhéanamh ar an áit arb as iad.

 

Dúirt An Clr. Nicholas Crossan, Cathaoirleach ar Choiste Dhiaspóra Éireannach Tip Uí Néill, go mbíonn fáilte ó chroí i gcónaí roimh chuairteoirí ar Inis Eoghain agus ar Dhún na nGall, go háirithe roimh bhaill den Diaspóra Éireannach. Thug sé achoimre ar an tuige a bhfuil ról lárnach anois ag Gradam Dhiaspóra Éireann Tip Uí Néill i bhféilire imeachtaí an chontae.

 

 

Dúirt Joe McHugh TD, Aire Stáit na Gaeltachta, go raibh sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don mhéid oibre a bhí ar siúl sa chúlra agus an cheannasaíocht atá á léiriú ag leibhéal trasteorann agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall trí bheith ardaidhmeannach i dtaca leis an líonra agus an ceangal idir Meiriceá agus Dún na nGall a thógáil. 

Thug an t-aire aitheantas chomh maith don cheannasaíocht phobail agus ghnó in Inis Eoghain, ag rá go raibh siadsan páirteach sa scéal rathúil seo chomh maith.

 

Labhair Tommy, mac le Tip Ó Néill, lena raibh i láthair chomh maith, ar son an teaghlaigh. D'aithris sé dán a bhíodh á úsáid ag a athair lena chur i gcuimhne dó cérbh é féin, cárb as ó dhúchas é, agus cad iad na fréamhacha agus na luachanna a bhí aige, agus á áit sa saol. Dúirt sé go raibh lúchair ar mhuintir Uí Néill gur Bn. Uas. Glucksman a bhain an gradam i mbliana. 

Agus é ag bronnadh an ghradaim, mhol Jimnny Deenihan TD, an tAire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtrannacha le cúram ar leith d'Éireannaigh thar lear, mhol sé feadbhreathnaitheacht agus samhlaíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall as a bheith i bhfad chun tosaigh ar an chuid eile den tír i dtaca le ceangal leis an diaspóra trí thograí agus fiontraí éagsúla.

 

 Bhronn Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, crobhaing bláthanna ar Bn. Uas. Glucksman chomh maith, crobhaing a dearadh go speisialta don ócáid.

 

Agus í ag tabhairt buíochais do gach duine dúirt Bn. Uas. Glucksman gur rud speisialta di é chan amháin a bheith ar ais san áit arb as a muintir féin ach a bheith tugtha anseo ag Clann Uí Néill. Ghabh sí buíochas le achan duine a páirteach san ócáid agus dúirt gur mór an onóir di an gradam seo a fháil, agus go raibh sí faoi chomaoin ag gach duine as sin.

 

Le dlaoi mhullaigh ar chur ar an oíche d'aithris Fear an Tí Mac Grianna dán 'Lauds for Loretta' a chum an file agus an drámadóir Séamus Heaney, nach maireann, go speisialta do Bn. Uas. Glucksman.

 

Bhí féile agus féasta d'amhráin thraidisiúnta agus chomh-aimseartha ar siúl do na haíonna ar fad ina dhiaidh sin, á gceol ag Cór Thairseach Inis Eoghain.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO