Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradam Tip Uí Néill le bronnadh anocht

An Seanadóir Therese Murray le Gradam Tip Uí Néill a fháil i mBun Cranncha anocht

 

Bronnfar Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill ar an tSeanadóir Therese Murray, Uachtarán ar Sheanad Massachusetts, ag searmanas in Óstán an Inishowen Gateway anocht ar 7.00pm.

 

Is é an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn a bhronnfaidh Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill ar an tSeanadóir Therese Murray, gradam a aithníonn na héachtaí atá déanta ag an bhuaiteoir agus a dtiomantas d'Éirinn agus do mhuintir na hÉireann thar lear.

 

Tá cruthaithe ag Murray go bhfuil an gradam tuillte aici tríd na naisc eacnamaíochta atá neartaithe aici le hÉirinn, go háirithe leis an Iarthuaisceart.  Faoina ceannaireacht agus faoina treoir, tá roinnt comhghuallíochtaí taighde déanta idir córas Ollscoile Massachusetts agus Ollscoileanna Éireannacha. Lena chois sin, bhí Murray i mbun go leor misean gnó agus d'óstáil sí roinnt toscaireachtaí as ar eascraíodh deiseanna forbartha gnó ar an dá thaobh den Atlantach.

 

Ar maidin inniu, sheol an Seanadóir Murray M2D2 an Iarthuaiscirt, fiontar comhoibritheach idir Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Ollscoil Massachusetts (Ionad Forbartha Fearas Leighis Massachusetts) agus Ionad na Saotharlainne i Leitir Ceanainn.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO