Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Inbhuanaitheacht Turasóireacht Mhara

An Inbhuanaitheacht sa Turasóireacht Mhara

Arranmore Sea Safari

Jim agus Noreen Muldowney ó Safari Farraige Árainn Mhór ag soláthar turas báid thart ar oileán Árainn Mhór le linn na traenála inbhuanaitheachta a bhí ar siúl do ghnólachtaí turasóireachta mara WOAH.

 

Tháinig sé cinn is fiche de ghnólachtaí turasóireachta as Dún na nGall le chéile le gnólachtaí den dearcadh céanna ón Eoraip an tseachtain seo caite agus iad ag cur tús le togra traenála fad seachtaine chun cuidiú leis an ‘inbhuanaitheacht’ a chur ag croílár a gcuid gnó.  Is í Rannóg Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a reáchtáil an tionscnamh traenála mar chuid de WAOH, atá á mhaoiniú ag an AE.  Tionscadal Bhealach Farraige Fiáine an Atlantaigh (WAOH) 

 

Le linn na traenála seachtaine rinne an cheanneagraíocht, Travelecoology i gcomhar le páirtnéirí Submon agus World Cetacean Alliance lá traenála seomra ranga sa Co-Lab i Leitir Ceanainn, ag díriú ar thurasóireacht mhara agus chósta atá tuisceanach ar an timpeallacht. Tugadh acmhainní traenála do na rannpháirtithe ina raibh lámhleabhair fá choinne oibreoirí inbhuanaitheachta treodóireachta, cadhcála, tumadóireachta agus bádóireachta.  Tugadh amach ábhar bolscaireachta fosta do na rannpháirtithe ar an chúrsa, ábhar a bhí dírithe ar chuairteoirí, ag soláthar eolais ar speicis agus ar ghnáthóga i nDún na nGall, agus is féidir an t-ábhar seo a chur ar fáil ar bhádaí, i gclubanna seoltóireachta, in ionaid chadhcála agus ionaid ghnó eile.

 

Reáchtáladh trí lá traenála amuigh faoin spéir fosta in ionaid éagsúla ar fud Dhún na nGall. Ina measc seo bhí turas báid ar Loch Súilí, a bhuí le Patrick agus Matthew Doherty agus Helena MCCarron ag Swilly Charters áit a raibh deis ag an ghrúpa eolas a chur ar stair Loch Súilí agus féachaint ar Dhún Riabhach agus ar Theach Solais Fhánada, chomh maith le heolas a fháil ar an treodóireacht.

 

Seas the Day boat

James Kenny ó Seas the Bay le daoine a ghlac páirt sa traenáil inbhuanaitheachta WOAH a reáchtáladh le haghaidh gnólachtaí turasóireachta mara an tseachtain seo caite.  Shocraigh Seas the Bay turas báid ó Phort na Bláiche, áit ar thug an grúpa cuairt ar go leor coilíneachtaí éin ag Corrán Binne agus d’fhoghlaim siad fá dtaobh de chaidreamh freagrach le héanacha agus fiadhúlra eile.  

 

Shocraigh James Kenny ó Seas the Bay turas báid ó Phort na Bláiche, áit ar thug an grúpa cuairt ar go leor coilíneachtaí éin agus ar fhoghlaim siad fá dtaobh de chaidreamh freagrach le héanacha agus le fiadhúlra eile.   Shocraigh Jim agus Noreen Muldowney ó  Safari Farraige Árainn Mhór turas iontach báid thart ar oileán Árainn Mhór.  Gach lá tugadh ceachtanna praiticiúla do na foghlaimeoirí maidir le treodóireacht fhreagrach agus maidir le turasóireacht mhara inbhuanaithe.

 

Mhínigh Joy Harron, an tOifigeach Turasóireachta Mara le Comhairle Contae Dhún na nGall: “tá muid ag obair le forbairt leanúnach a dhéanamh ar an turasóireacht ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ach ní mór dúinn a bheith airdeallach maidir leis an timpeallacht a chosaint. Rannpháirtíocht s'againne in WAOH! Tá an togra Bealach ina dhóigh thábhachtach ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun a bheith réamhghníomhach maidir le forbairt na turasóireachta mara agus cósta, ach an cósta nádúrtha iontach atá againn a chosaint san am céanna”.

 

Agus ar sise: “I mí na Samhna 2018 shínigh Comhairle Contae Dhún na nGall ‘Gealltanas Inbhuanaitheachta’ i gcomhpháirt le páirtnéirí ar fud bhallstáit an AE lena dtiomantas i dtaca le forbairt na turasóireachta inbhuanaithe a léiriú.  Is é an cuspóir a bhí ag an traenáil seo ná cuid de na gníomhaíochtaí a leagadh síos sa ghealltanas sin a chur i gcrích, agus chun litearthacht aigéin a chothú, eolas agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le heiceaturasóireacht inbhuanaithe agus noda eolais agus comhairle a thabhairt i dtaca le treodóireacht chun eispéireas dodhearmadta iontach dearfach a thabhairt do chuairteoirí”.

 

Ag deiradh na seachtaine traenála, bronnadh teastais ar na rannpháirtithe agus moladh dóibh clárú ar www.wildsea.eu agus an méid atá foghlamtha acu le linn na seachtaine traenála a chur i bhfeidhm.  WOAH - Tionscadal Farraige Tá WOAH á mhaoiniú ag Ciste Iascaigh agus Mara na hEorpa, trí Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Gnólachtaí Beaga agus Meánmhéide (EASME).

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO