Tá Uisce Éireann ag infheistiú €2.7 milliún i dtrealamh monatóireachta agus samplaithe in ionaid chóireála fuíolluisce ar fud réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair mar chuid de thogra náisiúnta a thabharfaidh cosaint bhreise dár gcuid aibhneacha agus uiscí cósta.
Tá trí chonradh ar leith ar siúl sa réigiún. Tá an chéad cheann curtha i gcrích agus bhí infheistíocht €1.7 milliún bainte leis, i nDún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán agus Sligeach.
Tá an dara conradh ar fiú €500,000 é ar siúl faoi láthair i gceantracha éagsúla i gCabhán, Gaillimh, Muineachán, agus Ros Comáin agus tá an triú conradh ar fiú €500,000 eile ar siúl i nDún na nGall agus i Maigh Eo.
Is é atá i gceist leis an chlár oibre ná fearais tomhaiste srutha, taifeadóirí eachtraí stoirmiúla agus trealamh samplaithe a chur isteach in ionaid chóireála in áiteanna straitéiseacha ar fud an réigiúin. Cinnteoidh an togra seo fosta go mbeifear ag cloí le hÚdaraithe Diúscartha Fuíolluisce de chuid na Gníomhaireachta Caomhaontais Comhshaoil i dtaca le riachtanais mhonatóireachta agus samplaithe.
Thíos faoi seo tá liosta de na hionaid chóireála fuíolluisce (ICFU) atá i gceist i nDún na nGall:
Togra |
Contae |
ICFU |
3 |
Dún na nGall |
Anagaire |
3 |
Dún na nGall |
Na Dúnaibh |
3 |
Dún na nGall |
Dún Fionnachaidh / Port na Bláiche |
3 |
Dún na nGall |
Dún Cionnaola |
3 |
Dún na nGall |
An Cheathrú Chaol |
3 |
Dún na nGall |
Cill Mhic Réanáin |
3 |
Dún na nGall |
Baile na nGallóglach |
1 |
Dún na nGall |
Baile Lifín |
1 |
Dún na nGall |
Ceann an Droichid |
1 |
Dún na nGall |
Bun na hAbhann |
1 |
Dún na nGall |
Carraig Airt |
1 |
Dún na nGall |
Caisleán na Finne |
1 |
Dún na nGall |
Cluain Maine |
1 |
Dún na nGall |
An Craoslach |
1 |
Dún na nGall |
An Fál Carrach |
1 |
Dún na nGall |
Cill Charthaigh |
1 |
Dún na nGall |
Cill Fhéich |
1 |
Dún na nGall |
Mainéar Uí Chuinneagáin |
1 |
Dún na nGall |
Ráth Maoláin 1 |
1 |
Dún na nGall |
Ráth Maoláin 2 |
1 |
Dún na nGall |
Fathain |
1 |
Dún na nGall |
Leifear |
1 |
Dún na nGall |
An Baile Nua |
1 |
Dún na nGall |
Ráth Bhoth |
1 |
Dún na nGall |
Tamhnach an tSalainn |