Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Inniu an Spriocdháta d'Ainmniúcháin Laochra Spóirt

Inniu an Spriocdháta fá choinne Ainmniúcháin Laochra Spóirt

Éinne atá ag iarraidh daoine agus foirne a ainmniú le haghaidh Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall, arna urrú ag Comhairle Contae Dhún na nGall, caithfidh sibh sin a dhéanamh inniu, An Aoine 28 Samhain. Ós rud é gurb é an coiste a roghnóidh an buaiteoir le haghaidh 'Halla na Mór-Chlú' níl aon ainmniúchán á lorg sa rannóg seo.

 

Is leor cuntas gairid ar a bhfuil bainte amach ag duine. Tá gá le grianghraif agus físeáin DVD chomh maith. Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ar líne ó leathanach na n-ainmniúchán agus iad a chur ar ríomhphost chuig [email protected] nó trí fhoirm ainmniúcháin shimplí a líonadh isteach, a thig a íoslódáil agus a thabhairt do Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain. Iad siúd nach bhfuil an t-idirlíon á úsáid acu, thig leo a n-ainmniúcháin a sheoladh trí phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain.

 

Is é seo an 39ú bliain de Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall, a thugann aitheantas gach bliain do na héachtaí atá déanta ag foirne agus ag daoine aonair ar éirigh thar barr leo ag an leibhéal áitiúil, contae, cúige, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tharla na gradaim don chéad uair in 1976, nuair a reáchtáladh an chéad ócaid sa Milford Inn, mar a raibh an t-aoi speisialta mórchlúiteach Ronnie Delaney, lúthchleasaí Oilimpeach, i láthair.

 

Tá lúcháir ar an choiste gurb í Comhairle Contae Dhún na nGall an t-aon urraí ar leith ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall arís, a bheas ar siúl in Óstán an Mt Errigal ar 30 Eanáir, an Aoine dheireanach den mhí.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall téigh chuig an suíomh idirlín donegalsportsstarawards.ie nó chuig Facebook ag Donegalsports Starawards.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO