Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ionad Shliabh Sneachta le hoscailt go hoifigiúil

Ionad Shliabh Sneachta le hoscailt go hoifigiúil inniu ag Tommy Ó Néill

 

Osclóidh Tommy Ó Néill, an mac is sine ag iar-Cheann Comhairle na Stát Aontaithe, Tip Ó Néill, nach maireann, osclóidh sé Ionad Oidhreachta Shliabh Sneachta, an t-ionad úr den chéad scoth i nDroim Fraoigh, inniu.

 

Tá an t-ionad úr suite ar sheansuíomh Scoil Dhroim Fraoigh, a tógadh in 1838, ceann de na chéad scoileanna a tógadh in Inis Eoghain nuair a cuireadh deireadh leis na Péindlíthe.

 

Tá cuid mhór áiseanna san ionad nua-aimseartha seo, atá ina ionad iontach taitneamhach i gcroílár Inis Eoghain fá choinne an phobail agus a bheas ina ionad oiliúna agus ionad eolais do chuid mhór eagraíochtaí eile.

 

Tá halla mór ilfheidhmeach san ionad, le balcóin féachana agus áiseanna cistine.  Tá an dara halla thuas staighre is féidir a úsáid le haghaidh imeachtaí éagsúla ar nós oiliúint a sholáthar, imeachtaí eolais a reáchtáil agus gníomhaíochtaí pobail eile.

 

Beidh an seomra oidhreachta ar an bhunurlár san ionad ina dhíol spéise ag go leor daoine, seomra a bhfuiltear le 'Seomra Tip Uí Néill' a thabhairt air.

 

Is de bharr gur rugadh seanmháthair Tip Uí Néill, Eunice Fullerton, i mbaile fearainn sa chóngar in 1850, agus gur fhreastail sí ar scoil i nDroim Fraoigh, agus de bharr na tacaíochta atá tugtha ag Clann Uí Néill le linn fhorbairt an Ionaid, atá an seomra lena ainmniú ina onóir.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO