Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Lá Leictreonach agus a Impleachtaí

Lá Leictreonach agus a Impleachtaí

Aithníonn an Chomhairle na himpleachtaí atá ag Lá Leictreonach ar Ghnólachtaí i nDún na nGall  

Is é An Aoine 19 Meán Fómhair an Lá Leictreonach, agus ón dáta seo ar aghaidh iarrtar ar an rialtas agus ar chomhlachtaí poiblí stad de bheith ag seoladh seiceanna chuig gnólachtaí in Éirinn, nó ag glacadh le seiceanna uathu. 

 

Tá sé seo mar chuid de Phlean Náisiúnta an Rialtais um Íocaíochtaí.   Mar chuid den togra seo, beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag scríobh chuig gach soláthraí earraí agus soláthraí seirbhísí dár gcuid le heolas a chur orthu faoin Lá Leictreonach agus cad é a chiallaíonn sé sin dóibhsean. 

 

Tá muid ag iarraidh ar sholáthraithe socruithe a dhéanamh lena mbainc chun íocaíochtaí leictreonacha a láimhseáil (AAL).   

 

Tuigeann Comhairle Contae Dhún na nGall na dúshláin agus na himpleachtaí a bhainfidh leis an athrú seo do ghnólachtaí i nDún na nGall agus tá deimhnithe againn lenár mbanc go leanfar le glacadh le seiceanna mar airgead dlítháirgthe. 

 

Ar an bhonn seo, cé go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta do na spriocanna atá leagtha síos i bPlean Náisiúnta an Rialtais um Íocaíochtaí a bhaint amach, glacfaidh muid le seiceanna i ndiaidh an spriocdháta, mar atá an 19 Meán Fómhair, ach go mbeidh muid ag moladh dár gcustaiméirí gnó aistriú ó íocaíochtaí de réir seic go dtí AAL laistigh de thréimhse réasúnta ama.  

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO