Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Laochra Spóirt Dhún na nGall

Ainmniúcháin á nglacadh fá choinne Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

Previous winners Patrick Bond, Barry McNamee and Rory Kennedy at the recent launch of the 39th Donegal Sports Star AwardsDonegal Sports Star Award 2014 379 x 269WEBDonegal‌‌

Bhuaigh Foireann Ban an Tearmainn trí Ghradam Laochra Spóirt Dhún na nGall in 2014. Seo é Franci Friel a ainmníodh mar 'Bhainisteoir na Bliana' agus captaen na foirne Gearóidín Mhic Lochlainn ar bronnadh an Gradam Speisialta i gcuimhne ar Bhreandán Mac Daibhéid. 

 

Táthar ag glacadh le hainmniúcháin anois don 40ú bliain de Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall.Bliain iontach eile a bhí ann do chúrsaí spóirt sa chontae agus tá an t-am ann le hainmneacha na ndaoine aonair sin, nó na bhfoirne sin, ar éirigh thar barr leo in 2015, a chur chun tosaigh don liosta ainmniúchán don searmanas speisialta bronnta gradam de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheas ar siúl in Óstán an Errigal, Leitir Ceanainn, Dé hAoine 29 Eanáir.

 

Táthar ag dréim go mbeidh suas le 150 iarrthóir i gcomórtas lena chéile le cinneadh na moltóirí a bhaint i mbreis agus 30 catagóir. Bunaithe ar an rath a bhí ar go leor den lucht spóirt i mbliana beidh dianphlé ann i dtaca leis an chomórtas a bheas ann do chuid mhór de na gradaim nuair a fhoilseofar an liosta ainmniúchán go luath i mí Eanáir. Agus beidh pobal an spóirt ag tabhairt buille faoi thuairim faoin na daoine aonair agus na foirne a d'fhéadfadh a bheith san áireamh le haghaidh Mhór-Ghradam Laoch Spóirt na Bliana do Dhún na nGall in 2015. Is é an duine a bhfuil an gradam aige faoi láthair ná an lúthchleasaí as Leitir Ceanainn, Mark English.  

 

Tá páirt lárnach ag scoileanna sna gradaim le 40 bliain anuas. Is é Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Ciarán Ó Brógáin, a dhéanfaidh na gradaim a bhronnadh sna catagóirí do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna. Ós rud é gurb é an coiste a roghnóidh an buaiteoir le haghaidh 'Halla na Mór-Chlú' níl aon ainmniúchán á lorg sa rannóg seo.

 

 Is leor cur síos gairid a thabhairt ar éachtaí spóirt an duine aonair nó na heagraíochta nuair atá ainmniúchán á dhéanamh. Tá gá le grianghraif agus físeáin DVD chomh maith.

 

Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ar líne ó leathanach na n-ainmniúchán agus iad a chur ar ríomhphost chuig [email protected] nó trí fhoirm ainmniúcháin shimplí a líonadh isteach, a thig a íoslódáil agus a chur sa phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain. Iad siúd nach bhfuil an t-idirlíon á úsáid acu, thig leo a n-ainmniúcháin a sheoladh trí phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain.

 

Tabhair faoi deara gur éachtaí a baineadh amach in 2015 amháin a bheas i dteideal a chur san áireamh nuair a bheas na buaiteoirí á roghnú sna catagóirí éagsúla. Is iad an t-aon eisceacht atá ann ón riail seo ná na catagóirí bunscoile agus meánscoile. Sa chás sin, is iad na héachtaí spóirt a baineadh amach sa bhliain acadúil 2014/2015 a ndéanfar moltóireacht orthu.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall téigh chuig an suíomh idirlín donegalsportsstarawards.ie nó chuig Facebook ag Donegalsports Starawards.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO