Nochtfar leacht cuimhneacháin úr 1916 i Leifear Dé Luain seo chugainn 27 Márta.
Is é an teideal atá ar an leacht cuimhneacháin ná ‘An Tábla Staire - Ardú Misnigh’, agus is í Comhairle Contae Dhún na nGall a choimisiúnaigh é, agus is é an t-ealaíontóir cáiliúil Brian Connolly, arb as Aontroim dó, a chruthaigh é.
“Glacann an saothar ealaíne seo gnáthphíosa troscán tí agus athchruthaíonn sé é i bhfoirm shiombalach’ a dúirt an t-ealaíontóir Brian Connolly, fear mór na n-ealaíon poiblí go náisiúnta le breis agus 25 bliana. “Bíonn an tábla cistine i lár an teaghlaigh sa bhaile, áit as a dtig mórán smaointe, agus áit a ndéantar go leor pleananna; croílár shaol an teaghlaigh agus iontach coitianta i meon an phobail Éireanaigh’.