Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Léarscáileanna Baol Tuilte

Comhairliúchán Poiblí Reachtúil an OPW i dtaca le Dréacht-Léarscáileanna Tuilte

 

 

                

 

Chuig Cibé Duine lena mBaineann:

 

Tugtar fógra leis seo, de bhun Rialacháin 11, 12, 13 agus 14 de Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Baol Tuilte a Mheasúnú agus a Bhainistiú), 2010 IR Uimh. 122 de 2010, mar a leasaíodh faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Baol Tuilte a Mheasúnú agus a Bhainistiú) (Leasú), 2015, IR Uimh. 495 de 2015, gur chuir muidne, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, i ndiaidh dúinn léarscáileanna GuaisTuilte agus léarscáileanna Baol Tuilte, faoi théarmaí na Rialachán thuasluaite, gur chuir muid cóip de na dréacht-léarscáileanna chuig gach comhairle contae agus gach comhairle cathrach lena gcur ar taispeáint ina gcuid príomh-oifigí. 

 

Beidh cóip de na dréacht-léarscáileanna ar fáil lena scrúdú ag duine ar bith, a deir go bhfuil suim aige nó aici ann, ón 20 Samhain, 2015 go dtí 23 Nollaig, 2015, agus an dá dháta sin san áireamh, le linn gnáthuaireanta oifige sna príomh-oifigí ag gach comhairle contae agus comhairle cathrach. 

 

Do Dhún na nGall, tá na léarscáileanna ar fáil le hamharc orthu ag Teach an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall ó 9am go dtí 5pm Luan go Déardaoin agus ó 9am go dtí 4.30pm Dé hAoine.

 

Tá na dréachtléarscáileanna ar fáil lena scrúdú ar líne ag - http://maps.opw.ie/flood_draftmap_consult/

 

Is féidir tuairimí agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis na dréachtléarscáileanna sin chuig Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí roimh 5pm Dé Céadaoin 23 Nollaig, 2015, ar a dhéanaí, agus trí phost chuig:

 

Comhairliúchán Poiblí i dtaca le Dréachtléarscáileanna Tuilte

Seirbhísí Innealtóireachta

Ceannáras Oifig na nOibreacha Poiblí

Sráid Jonathan Swift

Béal Átha Troim

Contae na Mí

 

nó tríd an suíomh gréasáin http://maps.opw.ie/flood_draftmap_consult/

 

Tá ceistneoirí le líonadh isteach i dtaca leis na dréachtléarscáileanna ar fáil i bpríomh-oifigí na n-údarás áitiúil agus ar an suíomh gréasáin.   

 

Agóidí

Faoi Rialachán 13, mar a leasaíodh, is féidir le duine ar bith ar úinéir, sealbhóir nó úsáideoir na talún atá ar taispeáint ar na léarscáileanna guais tuilte é nó í, mar a thiteann laistigh de na trí chásanna fairsinge tuilte atá leagtha amach i Rialachán 11(3)(a), (b) nó (c), is féidir leis nó léi, laistigh d'aon mhí amháin ó fhoilsiú poiblí an fhógra seo, agóid a chur isteach chuig Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, i gcoinne an talamh seo a bheith san áireamh, ag cur in iúl cad chuige a síleann an duine sin go bhfuil sé míréasúnta a shílstean go bhféadfaí an talamh sin a bheith i mbaol tuilte de réir na gcásanna samplacha ábhartha.      

 

Caithfear agóidí a dhéanamh i scríbhinn tríd an phost ar an Fhoirm chun Agóidí a Dhéanamh i dtaca leis na Dréachtléarscáileanna um Ghuais Tuilte roimh, ar a dhéanaí, 5pm Dé Luain 21 Nollaig 2015 chuig:

 

Agóidí i dtaca le Dréachtléarscáileanna Tuilte

Seirbhísí Innealtóireachta

Ceannáras Oifig na nOibreacha Poiblí

Sráid Jonathan Swift

Béal Átha Troim

Contae na Mí

 

 

Duine ar bith a bhfuil sé i gceist aige nó aici agóid a dhéanamh ba chóir dó nó di na Nósanna Imeachta chun Plé le hAgóidí i dtaca leis na Dréachtléarscáileanna Tuilte a léamh. Tá na Nósanna Imeachta seo agus an Fhoirm ar fáil ar an suíomh gréasáin comhairliúcháin http://maps.opw.ie/flood_draftmap_consult/

nó i bpríomh-oifigí an údaráis áitiúil mar a bhfuil na dréachtléarscáileanna ar taispeáint.

 

Tuilleadh Eolais:

Rphost: [email protected]

nó scairt a chur ar 046 9426468 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO