Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Leitheoireacht Samhraidh le do Pháiste

Léitheoireacht Samhraidh le do pháiste

 

 

 

Relax and Read with your Child during the Summer Holidays 

 

Bí ar do shuaimhneas agus tú ag léamh le do Pháiste le linn saoire an tsamhraidh

 

 

 

Is ábhar bróid do Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh Clár Léitheoireachta Samhraidh ann do pháistí & do dhaoine óga i do leabharlann áitiúil agus i roinnt ionad de chuid Taobh Tíre. 

 

 

 

I gClár Léitheoireachta Samhraidh na Seirbhíse Leabharlainne cuirtear béim ar an tsult a bhaineann le léitheoireacht agus cuidítear le teaghlaigh tacú le forbairt litearthachta a gcuid páistí i dtimpeallacht phléisiúrtha ina bhfuil acmhainní maithe.

 

 

 

Mar bhall leabharlainne, thig leat páirt a ghlacadh in aon cheann dár n-imeachtaí samhraidh saor in aisce.  Seo a leanas roinnt imeachtaí leabharlainne a d'fhéadfá a dhéanamh: léirmheas a scríobh ar leabhar, páirt a ghlacadh sna seisiúin sheachtainiúla ríme, agus ceardlanna ceardaíochta. 

 

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar cad é atá ar siúl le linn saoire an tsamhraidh, buail isteach chuig do leabharlann áitiúil nó ionad Taobh Tíre, nó tabhair cuairt orainn ar www.donegallibrary.ie, Facebook agus Twitter.

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO