Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Lintéar Loch Tuama

Lintéar sealadach á insuiteáladh ar Loch Tuama

 

Tá scéim bóithre an N56 Bá Uachtair go Cill Chainnigh ar an suíomh faoi láthair. Tosaíodh an conradh seo i mí Iúil na bliana seo agus tá sé le tabhairt chun críche go mall in 2016 / go luath in 2017.

 

Is é atá i gceist leis an scéim seo, a bhfuil géarghá léi, feabhas a chur ar 5km den N56 trí Leitir Mhic an Bhaird, agus castaí Ghaoth Beara san áireamh.

 

Mar chuid den obair déanfar an N56 a athailíniú agus a leathnú go dtí caighdeán níos sábháilte agus níos seasmhaí, agus tá seo i gceist taobh le Loch Tuama chomh maith.

 

Is é an t-asraon ón taobh ó dheas den loch, faoin N56 atá ann cheana féin, a shocraíonn leibhéal an uisce sa loch. Tá an píopa asraoin atá ann faoi láthair aosta agus i ndrochstaid.

 

 Tá sé beartaithe faoin scéim an lintéar seo atá ann cheana a bhaint ar shiúl agus lintéar úr níos mó, dhá oiread níos mó ná an ceann reatha, a chur isteach. Bhí socraithe ag an chonraitheoir na hoibreacha áirithe seo a chríochnú roimh mhí Mhárta 2016 agus dá bharr sin ní dhearnadh aon obair ar an suíomh seo go fóill.

 

I ndiaidh na doininne ar na mallaibh ar fud an chontae, agus achainí ón Uas. Cannon maidir le feidhmiú an lintéir atá ann cheana féin, d'amharc muid arís ar na roghanna atá againn chun dul i ngleic leis an cheist. Níl sé indéanta an lintéar níos mó atá beartaithe a chur isteach ag an am seo, de bharr go mbeadh tionchar mór láithreach agus leanúnach ar an N56 mar atá faoi láthair, agus go gcuirfeadh sé isteach ar a fheidhmiú le linn shéasúr na Nollag.

 

Le dhá lá anuas tá iarrachtaí déanta ag Wills Bros Teo. agus ag Foireann Bainistíochta Suímh Chomhairle Contae Dhún na nGall teacht ar réiteach sealadach don fhadhb atá ann faoi láthair i dtaca le sruth éalaithe. Tá lintéar sealadach á chur isteach ag Wills Bros Teo. Ní furasta an obair é seo de bharr leibhéil reatha an uisce agus rudaí eile, ina measc an aimsir féin, bainistiú tráchta agus seirbhísí reatha.

 

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Wills Bros as a gcuidiú agus as a n-éifeacht agus iad ag plé leis an scéal seo, agus as cuidiú eile a thabhairt don Uas. Cannon le roinnt laethanta anuas, laethanta a bhí iontach crua do chuid mhór daoine ar fud an chontae.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO