Tá rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall struchtúir a chur le Liosta na Strúchtúr faoi Chosaint i nDún na nGall.
Tá na struchtúir bhreise seo á gcur de réir Liosta Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (LNOA), atá á rolláil amach le cúig bliana anuas ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
Déanann Suirbhé LNOA Dhún na nGall oidhreacht ailtireachta iar-1700 a aithint, a liostú agus a luacháil chun cuidiú leis an ghné thábhachtach seo dár n-oidhreacht a chosaint. Ag éirí as seo, tá moltaí déanta le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le struchtúir bhreise, nó codanna áirithe nó gnéithe áirithe de struchtúir, a chur ar Liosta na Struchtúr faoi Chosaint sa chontae.
I dtaca leis seo, tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall nithe breise a chur ar an Liosta reatha de Struchtúir faoi Chosaint, agus tá na rudaí breise seo amuigh ar chomhairliúchán poiblí ón 27 Márta go dtí 12 Bealtaine 2017.
Tá fógra díreach tugtha d’úinéirí aonaracha agus / nó do shealbhóirí, agus sa chás nach bhféadfaí na sonraí sin a aimsiú, tá fógraí curtha suas ar an struchtúr atá i gceist. Is féidir amharc ar na struchtúir bhreise atá molta anseo.
Beidh roinnt ócáidí Buail Isteach ar siúl an tseachtain seo agus beidh Oifigeach Caomhnaithe na Comhairle ar fáil le plé le ceisteanna nó le haon imní a tharlaíonn de bharr an togra seo.
Dáta |
Am |
Áit |
Dé Luain 3 Aibreán |
2pm - 5pm |
Ionad Fiontraíochta an Base, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir |
Dé Máirt 4 Aibreán |
9.30am-12.30pm |
Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn |
Déardaoin 6 Aibreán |
9.30am-12.30pm |
Ionad Seirbhíse Poiblí Dhún na nGall |
Dé hAoine 7 Aibreán |
9.30am-12.30pm |
Ionad Seirbhíse Poiblí Charn Domhnach |
Mura dtig leat a bheith i láthair ag aon ócáid Buail Isteach an tseachtain seo, thig leat teagmháil a dhéanamh le Collette Beattie, Oifigeach Caomhnaithe Gníomhach, go díreach nó trí scairt a chur ar an Chomhairle ar 074 91 53900.