Tá plean úr i ndiaidh teacht i bhfeidhm le luasteorainneacha níos fóirsteanaí a shocrú laistigh de 30 eastát tithíochta ar fud Dhún na nGall .
Ní ba luaithe i mbliana shocraigh Comhairle Contae Dhún na nGall leasú a dhéanamh ar 'Fhodhlíthe Tráchta Bóthair (Luasteorainneacha Speisialta)(Contae Dhún na nGall) 2011' chun luasteorainn níos fóirsteanaí a chur i bhfeidhm (mar atá, 30km san uair) ar na bóithre poiblí laistigh de 30 eastát tithíochta.
I gcomhar leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, choimisiúnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall scéim phíolótach a d'aithin roinnt eastát tithíochta de chuid na Comhairle ina raibh sé beartaithe 'Zón Mall' 30km san uair a thabhairt isteach.
I ndiaidh tuairimí agus moltaí an phobail agus na gcomhairleoirí contae a chur san áireamh, glacadh an cinneadh gur chóir agus gur fhóirsteanach na luasteorainneacha sna heastáit tithíochta seo a athrú.
Ullmhaíodh Dréacht-Fhodhlíthe de réir na n-athruithe molta seo agus cuireadh iad sin ar fáil le go bhféadfadh an pobal iad a scrúdú idir 10 Meán Fómhair agus 9 Deireadh Fómhair.
Chuathas i gcomhairle chomh maith leis an Gharda Síochána agus le hInfreastruchtúr Iompair Éireann.
Thug na Gardaí le fios nach raibh aon leasú le moladh acu féin i dtaca leis na Dréacht-Fhodhlíthe agus cé go ndeachthas i gcomhairle le hInfreastruchtúr Iompair Éireann mhínigh siad siúd nach raibh cead s'acusan riachtanach mar nach raibh aon bhóthar náisiúnta i gceist.
Cuireadh na Fodhlíthe molta os comhair chruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 28 Deireadh Fómhair agus glacadh leo.
Tháinig na Fodhlíthe i bhfeidhm ar an 1 Nollaig.
Is iad na bóithre seirbhíse seo (.i. na bóithre sin nach bóithre/cabhsaí príobháideacha rochtana/ iad laistigh de chúirtealáiste gach tí) sna heastáit tithíochta seo a leanas atá i gceist:
Ceantar Bardais Dhún na nGall
Na Cealla Beaga: An Chéide Iathghlas agus An Clós Iathghlas; An Bhroclais: Ardán Naomh Treasa; Bun Dobhráin: An tOileach Mór; Béal Átha Seanaidh: Céide Saimer agus Arda Ghleanntán na hÉirne; Baile Dhún na nGall: Corrán Rás an Mhuilinn
Ceantar Bardais na nGleanntach
Ailt an Chorrain: An Choill; An Craoslach: Cnoc Beithe; Doiri Beaga/An Bun Beag: Ailt Aoibhinn; Ard an Rátha: Radharc an Ghleanna; An Fál Carrach: Radharc na Mara; Na Gleannta: Clós Naomh Chonaill.
Ceantar Bardais Inis Eoghain
Baile Mhálanna: Radharc na Trá Bréige, An Caisleán Nua: An Teampall Maol; Magh: Páirc na Creige; Cluain Maine: Gaddyduff; Bun Cranncha: Páirc na hAluine; Mainéar Uí Chuinneagáin: Páirc an Mainistreach.
Ceantar Bardais Leitir Ceanainn
An Cheathrú Chaol: Clós Chnoc Colbha; Ráth Mealtain: An Sruthán; Baile na nGallóglach: Radharc na Cille; Leitir Ceanainn: An Chruach Mhór, Leitir Ard agus Páirc an Chaisil.
Ceantar Bardais Shrath an Urláir
Bealach Féich: Páirc Ghleann Phádraig agus Cois na Finne; Conmhaigh: Páirceanna an Bhaile agus Páirc na Darach; Leifear Garrán Choill na Feá; Ráth Bhoth: Cnoc na Cluana.