Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Maeve Kyle ina hAoi

Maeve Kyle, laoch Oilimpeach de chuid na hÉireann, ina hAoi Speisialta ag na Gradaim Laochra Spóirt

 Maeve Kyle  379 x 269

Maeve Kyle, a bheas ina haoi speisialta ag na Gradaim Laochra Spóirt oíche Dé hAoine

 

De bharr cúinsí gan choinne, is mian le Coiste Laochra Spóirt Dhún na nGall a fhógairt nach dtig le Ronnie Delany a bheith in ann freastal ar an 40ú hócáid bronnta gradam, mar aoi speisialta mar a bhí beartaithe, in Óstán an Errigal oíche Dé hAoine. Ach, tá lúcháir ar an Chathaoirleach Neil Martin, le cuidiú in áit na mbonn ó Ronnie, a fhógairt go mbeidh laoch Oilimpeach eile de chuid na hÉireann, agus imreoir haca a bhfuil clú agus cáil uirthi go hidirnáisiúnta, Maeve Kyle i ndiaidh glacadh leis an tairiscint le bheith ina haoi speisialta ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall le linn na hócáide stairiúla. 

 

 Is é seo an dara huair do Maeve an ról a ghlacadh, mar gur ise a rinne an bronnadh ag an 11ú hócáid de na gradaim ar an 21 Samhain 1986 sa Milford Inn. Tá Maeve Esther Enid Kyle a rugadh ar an 6 Deireadh Fómhair 1928 i gCill Chainnigh ar an chéad bhanlúthchleasaí Oilimpeach a bhí ag Éirinn riamh. Sna chéad chluichí a raibh sí páirteach iontu ghlac sí páirt sna ráis 100m agus 200m ag Cluichí Oilimpeacha Melbourne áit ar bhain Ronnie Delany a chéad bhonn óir 1,500m.    

 

 Ina dhiaidh sin ghlac Maeve páirt i gCluichí Oilimpeacha na Róimhe agus Tokyo araon, áit ar éirigh léi dul fríd chuig babhta leathcheannais an 400m agus an 800m araon.  Bhain sí an bonn cré-umha sa rás 400m i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa faoi dhíon  in 1966 in Dortmund. D'fhreastail Kyle ar Choláiste Chill Chainnigh ar feadh tamall gairid, áit a raibh a hathair C.G. Shankey ina phríomh-mháistir, sular fhreastail sí ar Coláiste Alexandra agus sa deireadh ar, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

 

Sa haca, bhain sí 58 gcaipín ar son na hÉireann chomh maith le himirt ar son trí cinn de na ceithre cúige in Éirinn (Laighin, Mumhan agus Ulaidh) ag amannaí éagsúla ina saol. Ainmníodh í ar na Sár-Fhoirne Domhanda in 1953 agus in 1959. Bhí sí ina hiomaitheoir láidir sa leadóg, sa snámh, sa tseoltóireacht agus sa chruicéad chomh maith, agus ní ba mhoille anonn d'oibrigh sí mar thraenálaí le cuid mhór lúthchleasaithe. Bhí Maeve ina Cathaoirleach ar Chóitseáil Thuaisceart Éirinn agus in 2006 bronnadh Dochtúireacht Oinigh uirthi ó Ollscoil Uladh.

Bronnadh an Mórghradam Saoil ar Maeve Kyle ag na Gradaim Chóitseála in 2006 in Londain mar aitheantas ar an obair atá déanta aici le lúthchleasaithe i gClubanna Lúthchleasaíochta Bhaile Meanach agus Aontoma. Ní ba luaithe in 2006 bhí sí i measc 10 imreoirí a cuireadh ar an liosta do Halla Laochra Haca na hÉireann. Bronnadh Oifigeach in Ord Impireacht na Breataine (OBE) uirthi i liosta onóracha na bliana úire in 2008. Agus í 87 mbliana d'aois, fuair fear céile Mhaeve, Seán Kyle, bás i mí na Samhna seo chuaigh thart i mBaile Meanach, mar a raibh cónaí orthu le blianta fada.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO