Liam Mac an Bhaird, Comhairle Contae Dhún na nGall, An tAire Paudie Coffey agus An Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag ócáid fógartha an lae inniu.
Fáiltíonn an Cathaoirleach, an Clr. Ciarán Ó Brógáin, thar ceann Chomhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall, roimh an scéala inniu go bhfuil maoiniú €2 mhilliún faighte faoi Scéim Deontais an CFRE do Lár-Ionaid Shainithe Uirbeacha 2014 - 2020 le haghaidh tograí ar leith do Leitir Ceanainn.
I measc na dtograí ar leith tá €750,000 do Bhóthar Ceangail Sheosaimh Uí Chnáimhsí, €1 mhilliún d'Fhoirgneamh Fiontraíochta Sóisialta úr agus €250,000 le nascálacha lár baile a fheabhsú trí chosáin a uasghrádú agus bonneagar siúil níos fearr.
Agus é ag caint ó Ionad Preasa an Rialtais i Roinn an Taoisigh, Sráid Merrion, Baile Átha Cliath, áit a bhfuil an ócáid fógartha ar siúl tráthnóna inniu, dúirt an Clr. Ó Brógáin go raibh 'na píosaí infreastruchtúir i gcónaí ina dtosaíocht ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus mar gheall ar na critéir a leagadh amach sa bheart maoinithe seo bhí gá le béim ar nascálacha lár baile a fheabhsú'.
'D'oibrigh na comhairleoirí i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn go dlúth le feidhmeannas na Comhairle leis na tograí seo a fhorbairt agus le maoiniú gaolmhar eile a aimsiú, agus ba mhaith liom tréaslú le gach duine a bhí páirteach san obair sin.
Is é an cuspóir atá le maoiniú an CFRE ná an timpeallacht uirbeach a fheabhsú agus lárionaid uirbeacha a athbheochan agus beidh an maoiniú seo ina chuidiú mór leis na nascálacha a fheabhsú idir an sean-lárbhaile agus an lárbhaile úr i Leitir Ceanainn, agus tchífear feabhsúcháin ar leith in áiteanna ar Bhóthar an Phoirt, An Phríomhshráid Íochtair agus Bóthar Oilibhéar Pluincéad'.