Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Mic Léinn i mBun Dobhráin

Mic Léinn ó Nua Eabhrac i mBun Dobhráin

Tá dream mac léinn as Nua Eabhrac i ndiaidh Bun Dobhráin a roghnú mar bhunáit acu le haghaidh turas staidéir thar lear go hÉirinn i mí Lúnasa.

 

Is eagraíocht neamhbhrabúsach oideachasúil de chuid SAM é 'Say Yes to Education' agus roghnaigh siad ionad clúiteach saoire Dhún na nGall i ndiaidh dóibh amharc ar chláracha oideachasúla ar fud na hEorpa d'fhonn aigne na rannpháirtithe a leathnú. Is iad na nithe a mheall anseo iad an meascán ar leith staire, cultúir agus áiseanna eachtraíochta, chomh maith le deis a bheith acu cuairt a thabhairt ar thograí beo-staire.

 ‌

Tá lúcháir ar an Dr. Niamh Hamill, Stiúrthóir na hInstitiúide, gur roghnaigh na cuairteoirí is deireanaí Éire mar cheann scríbe staidéir thar lear. "Ba mhaith leis na ceannairí na mic léinn a thabhairt áit éigin a thabharfadh dúshlán dóibh trí rud éigin úr a chur os a gcomhair. Scrúdaigh siad go leor áiteanna ar fud na hEorpa, ach sa deireadh thiar thall, shocraigh siad go raibh gach rud a raibh sa tóir air le fáil i nDún na nGall. Tháinig an 32 mhac léinn Dé Domhnaigh seo caite, 2 Lúnasa, agus tá siad ag fanacht anseo go ceann naoi lá san iomlán' ar sise.

 

Míníonn Niamh, a bhíonn i mbun léachtóireachta ar Staidéir Éireannacha sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn go minic, go bhfuil sé de mhórchuspóir ag an Institiúid mic léinn a spreagadh le hÉirinn a roghnú, agus Dún na nGall ach go háirithe, mar ionad dá gcuid staidéir thar lear.

 

'Tá gach rud atá de dhíth ar lucht eagraithe turais staidéir thar lear ó SAM, le fáil i nDún na nGall. Tá siad ag cuartú áiteanna a bhfuil tábhacht chultúrtha agus stairiúil leo, atá inrochtana, fáiltiúil, sábháilte agus cairdiúil. Dálta an ghrúpa seo as Nua Eabhrac, beidh go leor dreamanna eile de mhic léinn ag tabhairt cuairte orainn sa bhliain amach romhainn. 

 

Beidh na mic léinn ag foghlaim faoi stair agus chultúr na hÉireann, agus beidh siad ag caitheamh tamaill sa seomra ranga, agus ar thurais allamuigh chuig ionaid eagsúla a bhfuil tábhacht stairiúil nó chultúrtha ag baint leo ar fud an iarthuaiscirt. Beidh baint ag na háiteanna a rachaidh siad chucu le himeachtaí ar leith, agus beidh ionaid stairiúla agus chultúrtha i gceist ar an chlár chomh maith ar nós Chaisleán Dhún na nGall, Teacht na mBocht i mBéal Átha Seanaidh, agus Daonbhaile Ghleann Cholm Cille.  Beidh réimse leathan imeachtaí amuigh faoin spéir i gceist chomh maith, ar a n-áirítear surfáil, cadhcáil, cnocadóireacht agus dreapadóireacht - áit fhoirfe í Dún na nGall do thurasóirí óga', ar sise.

 

 

Beidh Niamh agus a comhstiúrthóir John O'Connell ag freastal ar Fhéile Éireannach Milwaukee níos moille an mhí seo le gníomhaíochtaí na hInstitiúide um Staidéar Éireann Thar Lear a chur chun cinn, ar a n-áirítear Comhdháil Ollscoil Drew ar Nascanna Trasatlantacha a bheas ar siúl i mBun Dobhráin i mí Eanáir na bliana seo chugainn. Ag an chomhdháil idirdhisciplíneach ar staidéir Éireannacha scrúdófar na caidrimh idir Éirinn agus an Diaspóra Éireannach, agus tá fáilte roimh gach duine a bheith páirteach. Tá an suíomh idirlín ar fáil ag www.taccireland.com

 

Tá Stiúrthóirí na hInstitiúide um Staidéar Éireann Thar Lear ag dréim go n-úsáidfidh roinnt céadta mac léinn as Meiriceá Dún na nGall mar bhunáit acu sa dá mhí dhéag amach romhainn. 'B'fhéidir, mar Éireannaigh, nach bhfeiceann muid stair, cultúr agus radharcra iontach Dhún na nGall, chomh maith lena cairdiúlacht' arsa Niamh, 'ach baintear siar go mór as ár gcuid cuairteoirí agus spreagtar iad lena bhfuil ar fáil againne ar thairseach an tí'. Níl le déanamh againn ach an scéal a scaipeadh agus eolas a chur chuig scoileanna agus chuig coláistí fá dtaobh dá bhfuil ar fáil anseo'.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO