Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Mórcheoltóirí ag triall ar Leitir Ceanainn

Mórcheoltóirí ag triall ar Leitir Ceanainn

Cé hiad na mór-ainmneacha sa cheol traidisiúnta....

 

Go díreach lena chruthú go leanann an saol ar aghaidh i ndiaidh na Nollag tá an tIonad Cultúrtha Réigiúnach agus Amharclann an Ghrianáin ag cur Seachtain an Cheoil Thraidisiúnta i Leitir Ceanainn i láthair, mar a mbeidh féasta de cheol traidisiúnta ann ó chuid de na hainmneacha is mó sa cheol traidisiúnta ón 10 Eanáir go dtí an 17 Eanáir 2015.

 

Is ionann an liosta ceoltóirí seo a léamh agus dul fríd cuid de na hainmneacha is mó clú agus cáil sa cheol traidisiúnta, le baill agus le hiarbhaill de chóir a bheith gach mórghrúpa ceoil le 40 bliain anuas, agus iad uilig ag teacht go Leitir Ceanainn an tseachtain sin. I measc na tallainne a bheas i láthair beidh Ed Boyd (Flook), Ian Carr (Kate Rusby Band), Karan Casey (Solas), Éamonn Coyne (Salsa Celtica), John Doyle (Solas), Kris Drever (Lau), Steph Geremia (Alan Kelly Gang), Paddy Glackin (Bothy Band), Andy Irvine (Planxty), Alan Kelly (Eddi Reader band), Staffan Lindfors (Sofia Karlsson band), Donal Lunny (Planxty), Mike McGoldrick (Lúnasa), Maura O’Connell (Dé Danann) agus Martin Tourish (Altan).

 

Tá an clár á reáchtáil ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Amharclann an Ghrianáin, i gcomhar le EAF, DMEP agus Ceol na Coille, agus beidh trí mhór-cheolchoirm ar siúl mar chuid de.

 

Beidh de phribhléid ag an lucht féachana anseo go háitiúil an chéad seó poiblí a fheiceáil ón sárghrúpa úr Éireannach Usher's Island, seó beag teolaí san Ionad Cultúrtha Réigiúnach Dé Sathairn 10 Eanáir mar réamh-bhlaiseadh sula ndéanfaidh siad a gcéad cheolchoirm oifigiúil ag Celtic Connections, Glaschú.  Ag teacht go Leitir Ceanainn chomh maith, sula ndéanfaidh siad féin mór-sheó ag Celtic Connections, beidh Sea Road Sessions, banna úr seisir as Éirinn, Albain agus an tSualainn, faoi cheannas Alan Kelly, agus beidh siadsan ag seinm insan Ghrianán Dé Máirt 13 Eanáir.  Agus beidh mór-cheoltóirí eile i láthair don cheolchoirm dheireanach den tseachtain, ar a n-áirítear Maura O'Connell agus Karan Casey, ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach ar an 17 Eanáir.

 

Tosóidh gach ceolchoirm ar 8pm agus is féidir ticéid a chur in áirithe ag Oifig na dTicéad, An Grianán ar 00353 7491 20777 nó ar líne ag www.angrianan.com.  Is iad na costais atá ar na ticéid ná €18 le haghaidh Usher's Island, €18/€15 le haghaidh Sea Road Sessions, agus €12/€10 le haghaidh Maura O'Connell. Tá tairiscint speisialta 3 le haghaidh 2 don trí cheolchoirm ar fad ar chostas €36, bronntanas Nollag den scoth.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO