Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Nascadh Dhún na nGall

Togra nua Nascadh Dhún na nGall le seoladh

Donegal Connect

 

Seolfar togra nua uaillmhianach Dé hAoine seo chugainn, ag aerfort Dhún na nGall, chun freastal a dhéanamh ar mhuintir Dhún na nGall uilig agus orthu siúd uilig a bhfuil dúil acu sa Chontae agus dáimh acu leis.

 

Is imeacht 10 lá é Nascadh Dhún na nGall a tharlóidh an Fómhar seo ó 27 Meán Fómhair go 6 Deireadh Fómhair agus tá sé mar aidhm aige na naisc a neartú a thuilleadh le muintir Dhún na nGall ar oileán na hÉireann agus ar fud an domhain araon trí chuireadh a chur orthu filleadh abhaile agus athcheangal a dhéanamh leis an chontae.

 

Beidh rudaí ann do gach duine ina measc imeachtaí dírithe ar an chultúr agus oidhreacht, spórt agus ceol, ginealas, deiseanna fostaíochta agus forbairt gnó, deiseanna oideachais agus gairme, imeachtaí líonraithe agus ceardlanna ar na rudaí praiticiúla a bhaineann le hathlonnú nó filleadh ar Dhún na nGall.

 

Creideann Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an comhairleoir Seamus Ó Domhnaill, gur ceiliúradh a bheidh sa togra seo ar gach rud a bhaineann le Dún na nGall agus bhí an méid seo le rá aige “Tá an t-ádh dearg orainne anseo i nDún na nGall a bheith inár gcónaí i gcontae fíorálainn ina bhfuil stíl mhaireachtála ar leith a fhóireann do theaghlaigh, caighdeán beatha den chéad scoth, ina bhfuil go leor deiseanna infheistíochta agus fostaíochta agus ina dtig le gnólachtaí agus fostaithe feidhmiú agus a bheith iomaíoch i lár an aonaigh dhomhanda trí chuid mhór de na fostóirí domhanda s’againn atá lonnaithe anseo go háitiúil.  Trí nascadh leis an diaspóra s’againn, is mian linn comhdheiseanna tairbheacha a chruthú a thógfaidh ar an dea-obair uilig a dhéanann oifig an Diaspóra”.

 

Is é atá i gceist le Nascadh Dhún na nGall daoine a mhealladh le filleadh ar Dhún na nGall agus an contae a thaiscéaldh agus a fháil amach cén fáth ar áit iontach í le cuairt a thabhairt uirthi, fás aníos inti, oideachas a fháil, a bheith ag obair, infheistíocht a dhéanamh nó dul ar scor.

 

Is cuid luachmhar den togra é deiseanna nua a chruthú i gcomhair infheistíochta, forbairt gnó agus fostaíochta.  Ba mhaith le Nascadh Dhún na nGall an scéal a fhógairt go bhfuil Dún na nGall oscailte don ghnó, go bhfuil a lán deiseanna fostaíochta ann agus go bhfuil ardchaighdeán maireachtála ar fáil ann.

 

Bronnadh neart gradam den chéad scoth ar Dhún na nGall le blianta beaga anuas lena n-áirítear ‘an áit is áille ar dhroim an domhain’ in 2017 ag National Geographic agus ainmníodh Aerfort Dhún na nGall ar na fíormhallaibh ar an ionad tuirlingthe is airde scéimh ar domhan. Idir é sin uilig agus scannánaíocht Star Wars ag Cionn Mhálanna, an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn, agus Comórtas Oscailte Gailf Dubai Duty Free a bheith á óstáil i mBaile Lifín an samhradh seo caite, is cinnte gur cuireadh áilleacht Dhún na nGall os comhair an tsaoil mhóir!

 

Seolfar Nascadh Dhún na nGall Dé hAoine 1 Márta ar 2.30pm ag Aerfort Dhún na nGall, an Charraig Fhinn.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO