Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Nuacht COVID 19

Nuacht is déanaí maidir le COVID-19

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint de bheith ag nuashonrú a Phlean um Leanúnachas Gnó maidir le COVID-19 agus an dóigh a bhfuil rudaí ag athrú ó lá go lá. Tá ráiteas an Taoisigh ó inné maidir leis an dóigh le leathnú an víris a laghdú á chur san áireamh inár gcuid socruithe féin.


Tá leabharlanna na Comhairle, an Iarsmalann Chontae agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn druidte don phobal. Tá na baill foirne sna hionaid seo ag obair go fóill agus beidh siad ag plé leis an phobal ar an ghuthán agus trí ríomhphost nuair is féidir é.

 

Ag an am seo, tá an Chomhairle i mbun a cuid feidhmeanna eile uilig go fóill. Mar sin féin, tá roinnt prótacál i bhfeidhm le haghaidh baill foirne agus custaiméirí. Tá muid ag moladh do chustaiméirí, an oiread agus is féidir, a bheith ag plé linn ar an teileafón, trí rphost, ar an suíomh idirlín nó trí aon mhodh fíorúil eile. Na custaiméirí sin a thagann go dtí ár gcuid ionad, tá muid ag dréim go n-úsáidfidh sibh na glantóirí láimhe, spásáil shóisialta, agus na treoracha eile a thugtar daoibh a leanúint. Nuair is féidir, moltar go láidir do chustaiméirí gan teacht chuig oifigí ach amháin mura bhfuil aon mhodh eile acu le dul i dteagmháil linn nó má tá éigeandáil i gceist.


Tá an Chomhairle ag déanamh machnaimh ar a cuid pleananna agus oibríochtaí sa tréimhse amach romhainn. Tá sé seo á dhéanamh ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht ár gcuid oibrithe, custaiméirí, agus an phobail i gcoitinne agus chun gan aon rioscaí neamhriachtanacha a ghlacadh nó chun a chinntiú nach ndéanfar an víreas a scaipeadh níos mó.


Bíonn cruinniú ag Foireann Bhainistíochta Ghéarchéime COVID-19 na Comhairle gach lá, déanann siad an staid reatha a phlé agus a mheas, agus cloíonn siad le treoracha náisiúnta ón rialtas le leathnú COVID-19 a íoslaghdú.


Tá ráite ag an Taoiseach gur am é seo inar chóir dúinn aire a thabhairt dá chéile sa chiall is leithne. Beidh an Chomhairle ar a dícheall chun sin a dhéanamh agus iarrann muid ar gach duine sa phobal s’againne an rud céanna a dhéanamh.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO