Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Nuacht fá na Tuilte

Nuacht fá na Tuilte - Lá gnoitheach eile ar fud Inis Eoghain

 

Bhí lá gnoitheach eile ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag na pobail ar fud Inis Eoghain agus iad ag teacht chucu féin go fóill i ndiaidh na dtuilte tubaisteacha Dé Máirt seo caite.

 

Nuacht Bóithre

Thig le Comhairle Contae Dhún na nGall a dheimhniú go bhfuil droichead ‘bailey’ faighte ón Arm Cosanta mar dhroichead sealadach le húsáid ar an R240 ag Cois na hAbhann idir Rinn Uí Choigligh agus Carn Domhnach.  Táthar ag súil go gcuirfear an struchtúr seo isteach sna laethanta amach romhainn agus táthar ag dréim go n-athosclófar an bóthar Dé Luain seo chugainn.

 

Tá obair ag leanúint ar aghaidh ar an R238 ag na Trí Chrann idir Magh agus Rinn Uí Choigligh agus tá lintéir á n-aimsiú faoi láthair.  Táthar ag dréim go mbeidh an bóthar seo go hiomlán socraithe i gceann coicíse.

 

Tá an R244 ag Creag na hEorna ar Bhóthar an tSléibhe idir Bun Cranncha agus Carn Domhnach druidte go fóill.  Tá an Chomhairle i mbun oibre le lintéir bhosca a aithint agus a aimsiú le dul i ngleic leis an stua cloiche atá tite agus níl sé indéanta an bóthar seo a athoscailt sa ghearrthéarma.  Tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil go fóill.

 

Tá an Chomhairle go fóill ag measúnú na n-oibreacha deisiúcháin atá riachtanach ag Bearna Ghráinne agus fanóchaidh an bóthar seo druidte fá cheann tamall beag go fóill.

 

Tá roinnt bóithre tuaithe druidte go fóill ar fud na leithinse agus tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil i rith an ama.

 

Tá Seirbhís Bóithre na Comhairle ag déanamh measúnú i rith an ama ar thionchar na dtuilte ar an 1,500km de ghréasán bóthair in Inis Eoghain.  Táthar ag súil go gcríochnófar an suirbhé seo níos moille an tseachtain seo.

 

Tá dochar suntasach forleathan déanta don ghréasán bóithre agus iarrtar ar gach duine a úsáideann na bóithre a bheith níos faicheallaí nuair a bhítear amuigh ar na bóithre.  Go dtí seo tá breis agus  300 fadhb/ceist aitheanta, ó dhamáiste suntasach struchtúrtha ar dhroichid ar bhóithre straitéiseacha réigiúnacha go dtí codanna de bhóithre tuaithe a bheith sciobtha ar shiúl.  Is í an chéad chéim eile ná réitigh a chostasú agus a dhearadh don dochar atá aitheanta agus tá an obair seo ar siúl i gcomhar le foireann deartha bóithre na Comhairle. 

 

Cabhair tithíochta

Tá Seirbhís Tithíochta na Comhairle ag leanúint de bheith ag cur tacaíocht agus cuidiú ar fáil dóibh siúd atá thíos de bharr na dtuilte.

 

Go dtí seo, tá 47 teaghlagh cláraithe le Comhairle Contae Dhún na nGall mar theaghlaigh atá gan dídean de bharr na dtuilte an tseachtain seo caite, ina measc 21 teaghlach i mBun na hAbhann, 14 i mBun Cranncha agus an chuid eile i gCarn Domhnach, Magh, Cluain Maine agus Málainn.

 

Tá tacaíocht á cur ar fáil do na teaghlaigh seo agus táthar ag oibriú amach cad iad  na riachtanais atá acu cás ar chás.  Tá lóistín go ceann tréimhse níos faide á thairiscint do theaghlaigh ar dócha a mbeidh siad gan dídean go ceann tamall maith agus táthar ag súil go leanfar leis seo sna seachtainí amach romhainn.

 

An Glantachán ar siúl go fóill

Táthar ag leanúint ar aghaidh le glantacháin tí, eastáit, agus ceantracha eile agus tá  tacaíocht an Airm Chosanta fíorthábhachtach ar fad.  Thug siad cuidiú d’oibrithe na Comhairle, d’úinéirí tí agus d’eagraíochtaí pobail le glantacháin a dhéanamh i gceantracha éagsúla, ina measc Bun na hAbhann, Bun Cranncha, Cluain Maine agus Carn Domhnach agus leanfar leis seo sna laethanta amach romhainn.  

 

Cuireadh scipeanna agus díthaisirí ar fáil do thithe agus do ghnólachtaí beaga agus go dtí seo tá 65 teacht agus gnólacht i ndiaidh glacadh le scipeanna agus tá breis agus 50 díthaisire curtha ar fáil.

 

Scéim Tacaíochta Daonnachta Chros Dhearg na hÉireann

Beidh sonraí ar fáil sna laethanta amach romhainn faoin chuidiú a bheas ar fáil do ghnólachtaí beaga, agus do ghrúpaí pobail, deonacha agus spóirt, faoi Scéim Tacaíochta Daonnachta Chros Dhearg na hÉireann.

 

Duine ar bith a d’fhulaing de bharr na dtuilte seo agus a bhfuil tacaíocht nó cuidiú de dhith orthu, ina measc tithíocht éigeandála, cuidiú le dochar atá déanta dá sealúchais nó aon riachtanas daonnúil eile, iarrtar orthu dul i dteagmháil leis an Chomhairle trí bhualadh isteach inár gcuid oifigí nó trí scairt a chur ar 074 91 53900 le linn uaireanta oscailte nó 074 91 72288  i ndiaidh uaireanta oscailte. 

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta fosta trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO