Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oibreacha Bóthair i Leifear

Oibreacha Bóthair i Leifear

 

Tosófar oibreacha bóthair ar an N15 i Leifear Dé Luain 12 Eanáir.

 

Tosófar na hoibreacha ar an N15 ag an timpeallán agus síneoidh siad amach thar achar 600m, ag críochnú ag pointe atá díreach ar an taobh eile de Eastát Tithíochta an Coneyburrow. Mar chuid de na hoibreacha déanfar píopa úr a chur isteach in áit an phríomhphíopa uisce atá ann faoi láthair agus cuirfear dromchla úr ar 600m den bhóthar.

 

Soláthrófar ceangail úra uisce leis an athrú ón sean-phríomhphíopa uisce go dtí an príomhphíopa uisce úr a éascú, agus ar an dóigh sin a laghad cur isteach agus is féidir a dhéanamh ar an uisce. Ní bhaineann an conradh seo le méadair úra uisce a chur ar fáil.

 

Déanfar gach iarracht a laghad cur isteach agus is féidir a dhéanamh ar an phobal, ach ba chóir a bheith ag dréim le moilleanna, agus é seo a chur san áireamh nuair atá turas á bheartú, de bharr na hoibreacha a bheith chomh cóngarach sin don timpeallán i Leifear.

 

Táthar ag dréim go leanfar na hoibreacha seo ar aghaidh go dtí mí an Mhárta 2015.

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO