Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oibreacha Uisce

Tionscadal Athchóirithe Príomhsholáthar Uisce ar fud Chontae Dhún na nGall

 

Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag infheistiú €12 milliún chun tuairim is 40km de sheanphríomhphíopaí uisce ar fud an chontae a athchóiriú nó príopaí úra a chur ina n-áit.  Cuireadh tús leis an obair i mí Mheán Fómhair 2018 agus cuirfear an obair i gcrích faoi dheireadh 2019. Is iad ShareRidge Limited an comhlacht ar bronnadh an conradh oibre orthu.

 

Is é atá i gceist leis na hoibreacha thart fá 40km de shean-phríomhphíopaí uisce a dhíchoimisiúnú agus cinn úra a chur isteach ina n-áit ag trí áit dhéag ar fud Dhún na nGall a bhfuil tosaíocht acu san obair seo, ina measc: Cúl-Líne Bhealach Féich Theas, Taiscumar Argery; Taiscuma Bhaile an Droichid agus Leifir, Ard an Chrainn, Rinn Uí Choigligh, Cabraigh, Carraig Mhig Uidhilín, An Cheathrú Chaol, Fanáid, An Seascann Beag.

 

Tá oibreacha beartaithe fostaithe le haghaidh Doirí Beaga go Bun an Leaca; Mín an Leaca go Rann na Feirste, Corcra, Ros Neamhlach; Fearann na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh (Sráid na hÉirne agus Ascaill Benildus); An Taobh Thiar, Bun Dobhráin. Leagfar ceangail úra seirbhíse uisce fosta ón phríomhsholáthar uisce sa tsráid/sa bhóthar go dtí teorainn sealúchais na gcustaimeirí le é a cheangal le soláthar uisce an chustaiméara. Bainfear ar shiúl 116 seirbhís chúlchlóis i mBéal Átha Seanaidh chomh maith mar chuid den tionscadal.

 

Is é a dúirt Kieran Collins, Uisce Éireann:  “Tá muid sásta leis an dul chun cinn atá ann agus tá muid ag dréim leis na hoibreacha a bheith curtha i gcrích ar gach ceann de na trí láthair déag faoi dheireadh 2019. Cuirfidh sé seo leis an leibhéal seirbhíse atá ar fáil do thomhaltóirí agus cuideoidh sé go mór leis an sceitheadh uisce agus an sileadh uisce ar fud an chontae a laghdú”.

 

Na hoibreacha sin atá ag leanúint ar aghaidh i gCairlinn, An Cheathrú Chaol; Domhnach Mór, Fanáid; agus ar an phíblíne ó Mhín an Leaca go Rann na Feirste, beidh siad siúd uilig curtha i gcrích faoi dheireadh mhí Eanáir.

 

Na hoibreacha in Argery, Baile an Droichid agus Leifear ar cuireadh tús leo i mí na Nollag ba chóir go mbeadh sin curtha i gcrích faoi dheireadh mhí an Mhárta 2019.

 

Cuirfear tús leis an 1.4km de phríomhphíopa uisce a chur isteach fá’n Seascann Beag ar an L-1263 ag Srath na Corcra i mí Eanáir 2019. Táthar ag dréim go mairfidh na hoibreacha sin go ceann cúig seachtaine.

 

Cuirfear tús leis an 5km de phríomhphíopa uisce a chur isteach ó Dhoirí Beaga go Bun an Leaca ar an R257 ag Doirí Beaga i mí Feabhra 2019. Táthar ag dréim go mairfidh na hoibreacha sin thart fá 20 seachtain.

 

Cuirfear tús leis an 9km de phríomhphíopa uisce ag Cúl-Líne Bhealach Féich (Na Croisbhealaí, Cúil na gCuirridín go dtí Carraig Mhic Craith, Bealach Féich) ar an L3044-6 ag An Chrois, Cúil na gCuirridín, ó lár mhí Eanáir 2019 agus leanfaidh na hoibreacha i dtreo Charraig Mhic Craith, Bealach Féich. Táthar ag dréim go mairfidh na hoibreacha sin thart fá 26 seachtain.

 

Beidh bainistiú tráchta i bhfeidhm ar achan láthair oibre le linn na n-oibreacha agus cuirfear fógra chuig cónaitheoirí agus chuig gnólachtaí sna ceantair atá i gceist sula gcuirfear tús leis na hoibreacha, agus cuirfear sonraí teagmhála ar fáil dóibh má tá aon cheist acu. Ós rud é go bhfuil na hoibreacha seo scaipthe ar fud an chontae, tá clár ama oibre aontaithe idir an conraitheoir agus Uisce Éireann, i gcomhpháirt le hoifigí éagsúla bóthair de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, le go mbeidh na hoibreacha á ndéanamh i gcomhar le cláracha oibre eile.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO