Oíche Eolais ag Uisce Éireann fá dtaobh de Ráth Mealtain, Baile na nGallóglach agus Ráth Maoláin
Tá Uisce Éireann ag reáchtáil Oíche Eolais Phoiblí i Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhíse Poiblí Bhaile na nGallóglach Dé Luain 15 Deireadh Fómhair 5.30-7.30pm chun pleananna le haghaidh Scéim Séarachais Ráth Mealtain, Bhaile na nGallóglach agus Ráth Maoláin a chur i láthair.
San am i láthair níl aon chóras cóireála fuíolluisce ag Ráth Mealtain ná Ráth Maoláin, agus is córas lochtach easnamhach atá ag Baile na nGallóglach , agus tá fuíolluisce neamhchóireáilte nó páirtchóireáilte á sceitheadh isteach sa timpeallacht sna trí cheantar seo. Níl se inghlactha fuíolluisce neamhchóireáilte a sceitheadh agus tá sé i gceist ag Uisce Éireann an fhadhb seo a réiteach.
Is é a bheas i gceist leis an tionscadal atá beartaithe ná córas úr cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a thógáil a bheas in ann deileáil le fuíolluisce ó na trí cheantar, agus an timpeallacht a shlánú agus sláinte na ndaoine a chosaint chomh maith.
Le linn an tseisiúin eolais seo beidh baill foirne an tionscadail ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt agus aon aiseolas a bhailiú maidir leis an tionscadal.