Daltaí Idirbhliana ó Ghairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall agus
Colaiste Naomh Columa, Srath an Urláir le Patrice Duffy agus Sean
Carney, ITLC
Tá daltaí idirbhliana i nGairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall agus i gColáiste Naomh Columba i Srath an Urláir chun leas a bhaint as togra píolótach úr um Oiliúint Turasóireachta a seoladh Dé Máirt seo caite i Scoil na Turasóireachta, ITLC, sna Cealla Beaga.
I ndiaidh dul i gcomhairle le tionscal na turasóireachta tháinig sé chun solais go bhfuil cuid mhór daltaí sinsearacha meánscoile fostaithe i ngnólachtaí turasóireachta / fáilteachais ar bhonn séasúrach / páirtaimseartha agus nach gcuirtear oiliúint thionscal-dírithe ar na daltaí, agus in go leor cásanna nach bhfuil mórán eolais acu ar an táirge turasóireachta ná ar na scileanna seirbhíse.
Daltaí idirbhliana ó Ghairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall le Liz
McKenzie, ITLC agus Chirs Molloy, comh-úinéir ar The Lemon Tree
Bialann ag an Chlár Oiliúna Turasóireachta
Is í Scoil Thurasóireachta ITLC sna Cealla Beaga a dhéanfaidh an clár oiliúna seo a theagasc do na daltaí idirbhliana lá amháin sa tseachtain go ceann ceithre seachtaine. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall. San iomlán clárófar 40 dalta ar an chúrsa, 20 duine acu ó gach scoil.
Rachaidh an cúrsa i ngleic le ceisteanna a d’ardaigh lucht an tionscail agus páirtithe leasmhara trí dhíriú ar oiliúint i dtaca leis an tionscal turasóireachta agus an táirge turasóireachta i gContae Dhún na nGall, agus béim ar leith ar an bhia réigiúnach, cheardaíocht agus ghníomhaíochtaí turasóireachta ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Amharcfaidh sé chomh maith ar na seirbhisí bialainne, ag díriú ar bhuneolas faoi shláinteachas bia agus láimhsiú bia agus cúram custaiméara laistigh d’earnáil na turasóireachta.
Daltaí Idirbhliana ó Ghairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall agus
Coláiste Naomh Columba, Srath an Urláir ag glacadh páirte sa Togra úr
Oiliúna Turasóireachta
Amhail earnálacha seirbhíse eile, is minic steiréitíopaí a bheith ann fá dtaobh de shlí bheatha an fháilteachais mar shlí bheatha a mbaineann teacht isteach íseal léi, agus gan mórán deise a bheith ann ardú céime a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní bhíonn oibrithe cáilithe, go háirithe an t-aos óg, ar an eolas faoin réimse slite beatha atá ar fáil in earnáil an fháilteachais. Agus tionscal an fháilteachais ag fás leis tá géarghá le fostaithe maithe a bheith ar fáil, go háirithe i measc an aosa óig. Tá deiseanna iontacha fostaíochta ar fáil i dtionscal na turasóireachta do dhaoine a bhfuil éagsúlacht scileanna acu agus cúlraí éagsúla oideachais. Beidh neart postanna ann dóibh siúd atá ag cuartú poist don chéad uair, agus d’oibrithe séasúracha.
Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Ó Conghaola, go bhfuil níos mó cuairteoirí ag teacht go Dún na nGall, le buntáistí suntasacha do ghnólachtaí turasóireachta, ón am ar sheol Failte Éireann Sli an Atlantaigh Fhiáin in 2014. Cuirfidh an togra seo leis sin trí bheith ag díriú ar oiliúint agus uasciliú i measc oibrithe óga séasúracha, agus tabhafar scileanna tábhachtacha dóibh a chuideoidh leo poist a fháil san earnáil’.
Dúirt an Clr. Toirealach Ó Sluaigh, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall go raibh borradh faoi bhranda domhanda Dhún na nGall i mbliana, go háirithe nuair a d’aimnigh an National Geographic é mar ‘An Áit is Cúláilte ar an Phlainéad’, agus mar sin de, go bhfuil cúrsaí oiliúna níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh mar go bhfuil tionscal an fháilteachais agus na turasóireachta inniu, de réir Fáilte Éireann, ar cheann de na tionscail atá ag méadú agus ag fás sa tír. Luaigh sé gur maith an rud é go bhfuil oibrithe séasúracha ar fáil agus go bhfuil siad fíor-thábhachtach don earnáil seo; ach gur ábhar imní é an easpa oiliúna atá déanta ag cuid acu mar go bhfuil siad fostaithe go príomha i rólanna a bhaineann le seirbhísí custaiméara / turasóireachta. “Seo an fáth a bhfuil lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith in ann maoiniú a sholáthar don oiliúint seo, agus cé gur ar bhonn píolótach a chuirfear sin ar fáil i dtús ama don dá scoil seo, tá súil againn gur féidir linn é seo a leathnú amach san am atá amach romhainn’ ar seisean.