Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Plean Náisiúnta Oidhreachta

Cuir do thuairimí in iúl maidir leis an Phlean Náisiúnta Oidhreachta úr

Heritage Plan

Sa ghrianghraf i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath nuair a seoladh an próiseas comhairliúcháin phoiblí le haghaidh Oidhreacht Éireann 2030, an Plean Náisiúnta Oidhreachta úr d’Éirinn, tá (ó chlé): Ciara Carberry (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta), Joseph Gallagher (Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Dhún na nGall), Shirley Clerkin (Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Mhuineacháin agus Cathaoirleach, Gréasán na nOifigeach Oidhreachta sna hÚdaráis Áitiúil) agus Michael Mac Donagh (Príomh-Sheandálaí, An tSeirbhís Naisiúnta Séadchomharthaí, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta). Grianghraf: An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

 

Cad iad na gníomhartha a ba mhaith leat a fheiceáil sa Phlean Náisiúnta Oidhreachta úr?


Ba mhaith leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do thuairimí a chluinstin faoin Déardaoin 28 Feabhra tríd an suirbhé ar líne, trí ríomhphost nó tríd an phost. Chun cuidiú le pobail agus le daoine aonaracha le haighneachtaí a ullmhú don Phlean Náisiúnta Oidhreachta úr beidh dhá chruinniú phoiblí eolais á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall:



Bricfeasta Eolais i dtaca le hOidhreacht Éireann 2030 in Óstán an Radisson, Bóthar Phádaí Uí Airt, Leitir Ceanainn, Dé Máirt 12 Feabhra ar 10am (clárú ó 9.30am). Is gá áit a chur in áirithe roimh ré le Músaem Contae Dhún na nGall ar (074) 912 4613 nó trí ríomhphost ar [email protected].  Beidh bricfeasta éadrom ar fáil.



agus tráthnóna Dé Máirt, 12 Feabhra, beidh Seisiún Buail Isteach i dtaca le hOidhreacht Éireann 2030 i Músaem Contae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn ó 2pm go dtí 7pm. Ní gá áit a chur in áirithe.

 

“Is é atá in Oidhreacht Éireann 2030 ná Plean Náisiúnta Oidhreachta úr an rialtais agus tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag iarraidh do chuid tuairimí a chluinstin,” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh gach grúpa oidhreachta, grúpaí pobail agus daoine a bhfuil suim acu san oidhreacht thógtha, chultúrtha nó nádúrtha, aighneachtaí a chur isteach chuig an Phlean Náisiúnta Oidhreachta úr. Leagfar síos in Oidhreacht Éireann 2030 treoir i dtaca le tosaíochtaí, acmhainní agus maoiniú oidhreachta don deich mbliana amach romhainn. Is in 2002 a seoladh an Plean Náisiúnta Oidhreachta deireanach.

Tá earnáil oidhreachta iontach gníomhach i gContae Dhún na nGall. Tá breis agus 250 grúpa oidhreachta agus grúpaí pobail a bhfuil cúraimí oidhreachta orthu sa chontae, agus go leor daoine aonaracha, atá gníomhach leis an oidhreacht s’againne a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá sé an-tábhachtach go gcluinfear tuairimí na ndaoine agus na n-eagraíochtaí oidhreachta seo ó Chontae Dhún na nGall mar chuid den phróiseas náisiúnta comhairliúcháin seo. Beidh comhairle ar fáil ag na seisiúin eolais Dé Máirt 12 Feabhra do na daoine sin ar mhaith leo aighneacht a dhéanamh. Beidh an Fhoireann Chultúir i gComhairle Contae Dhún na nGall, agus baill ó Fhóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, ag déanamh aighneachtaí chomh maith thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall.” 

Faoin Acht Oidhreachta (1`995) is é an sainmhíniú a dhéantar ar oidhreacht ná ábhar seandálaíochta, oidhreacht ailtireachta, fána agus flóra, geolaíochta, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, iarsmaí oidhreachta, uiscebhealaí intíre, tírdhreacha, séadchomharthaí, muirdhreacha, gnáthóga fiadhúlra agus longbhristeacha.

Ina dhoiciméad comhairliúcháin phoiblí, is é a deir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta: “Is mar ghnáthchuid den saol laethúil sa phobal áitiúil a bhuaileann daoine leis an oidhreacht. Tacóidh Oidhreacht Éireann 2030 le pobail áitiúla chun cúram a thabhairt dá n-oidhreacht. Beidh sé mar bhonn agus mar thaca ag an ról níos tábhachtaí agus níos lárnaí atá ag údaráis áitiúla i dtaca leis an oidhreacht a chosaint agus a bhainistiú chun sochair gach duine, agus creat agus comhthéacs a sholáthar le haghaidh pleananna áitiúla oidhreachta.”

Is é an fhís atá ag an Phlean Náisiúnta Oidhreachta úr ná Éire ina bhfuil meas agus cosaint ar ár n-oidhreacht agus inar féidir linn sult a bhaint aisti. Tá tré théama i gceist sa chomhairliúchán poiblí: (i) Ceannaireacht Náisiúnta agus Oidhreacht, (ii) Comhpháirtíochtaí Oidhreachta agus (iii) Pobail agus Oidhreachta. Tá sé i gceist ag an Roinn plean gnímh a ullmhú faoi gach ceann de na téamaí seo, bunaithe ar na haighneachtaí a gheofar.

 

“Is cúram comhroinnte agus taisce comhroinnte í an oidhreacht atá againn,” a dúirt Josepha Madigan TD, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. “Ní mór dúinn obair i gcomhpháirt lena chéile ag an leibhéal náisiúnta, áitiúil agus pobail chun cúram a thabhairt di agus le go mbeidh muid in ann leas a bhaint aisti san am atá amach romhainn. Mar sin de, iarraim ort an deis a ghlacadh tionchar a imirt ar chúrsaí oidhreachta agus do ghuth a bheith agat le linn na tréimhse comhairliúcháin seo.” 

Is féidir aighneacht a dhéanamh trí shuirbhé ar líne ag www.chg.gov.ie/heritage/heritageireland2030,

 

trí ríomhphost chuig [email protected],

 

nó tríd an phost chuig Oidhreacht Éireann 2030, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6XO

chan níos moille ná Déardaoin 28 Feabhra

 

Má tá aon duine ar lorg comhairle maidir le haighneacht a ullmhú, gabh i dteagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576.

Tuilleadh eolais ar shuíomh na Roinne ag: https://www.chg.gov.ie/ga/heritage/heritageireland2030/

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO