Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > R238 athoscailte

Athosclaíodh an R238 ó Bhun na hAbhann go Bun Cranncha ar maidin.

 

Athosclaíodh an R238 ó Bhun na hAbhann go Bun Cranncha ar maidin agus táthar ag iarraidh ar gach tiománaí atá ag taisteal go Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free) cloí leis na pleananna bealaigh seo a leanas.

 

Ba chóir don trácht ó Phoblacht na hÉireann dul isteach sa cheantar trí Cheann an Droichid agus Bun Cranncha agus taisteal ó thuaidh go Baile Lifín ag leanúint an N13 agus an R238 agus ag leanúint na comharthaíochta seasta sealadaí de dhéanamh VMS agus AA.

 

Ba chóir do thrácht atá ag teacht ó Thuaisceart Éireann / ó thar lear taisteal trí Dhoire ag leanúint an A2 (TÉ) agus an R238 agus an R240 go Rinn Uí Choigligh agus Carn Domhnach ar aghaidh ar an R238 go Baile Lifín agus ag leanúint na comharthaíochta seasta sealadaí de dhéanamh VMS agus AA.

 

Ba chóir smaoineamh fosta ar Bhád Farantóireachta an Fheabhail a úsáid ó Aird Mhic Giollagáin go dtí An Caisleán Nua.

 

Moltar don phobal go mbeidh na bóithre iontach gnoitheach ó 6.30am go dtí 12.30pm agus ó 4.30pm go dtí 7.30pm gach lá.

  

Tá páirceáil saor in aisce ar fáil ar an láthair agus iarrtar ar thiománaithe comhoibriú agus cloí le treoraithe ó bhaill den Gharda Síochána agus Na Maoir lena chinntiú go leanfaidh an trácht ar na bóithre gan bhac.

 

Moltar do thiománaithe:

 

  • Loingseoireacht Satailíte a mhúchadh, nuair a deirtear sin ar chomharthaí an imeachta.  
  • Cloí le treoracha ó na Gardaí agus ó chomharthaí
  • Tiomáint le foighid agus le cúram, agus breis ama a chur ar leataobh do do thuras

 

 Ós rud é go bhfuiltear ag dréim leis na sluaite, moltar do thiománaithe iad féin a choinneáil ar an eolas i dtaca le cúrsaí tráchta mar seo a leanas:

 

@GardaTraffic ar Twitter

@AARoadwatch ar Twitter

@AnGardaSiochana ar Facebook

@DonegalCouncil ar Twitter

@DonegalCoCouncil ar Facebook

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO