Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Rabhadh Aimsire Oráiste

Rabhadh Aimsire Oráiste do Dhún na nGall

 

Tá rabhadh gaoithe oráiste eisithe ag Met Éireann do Dhún na nGall, chomh maith le contaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Shligigh, an Chláir agus Chiarraí.

 

Tá Met Éireann ag tabhairt rabhaidh go mbeidh Éire buailte anocht agus maidin Dé hAoine ag gaotha láidre anoir aneas, agus ag tiontú aniar aneas, chomh maith le rabhartaí arda, mar chuid de Stoirm Callum.   Is thar oíche agus go moch Dé hAoine a bheas na gaotha is láidre ann, iad ag seideadh idir 110 agus 130 km/h cois cósta.

 

Ós rud é go bhfuiltear ag tuar Rabhartaí Arda réalteolaíocha don tréimhse seo, agus ós rud é go mbeidh méadú ar an bhorradh farraige sna laethanta amach romhainn, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tathant ar an phobal a bheith níos cúramaí nuair a bheas siad taobh amuigh le linn na haimsire seo. 

 

Ba chóir a bheith an-chúramach ar fad thar oíche Déardaoin agus le linn duit a bheith ag taisteal ar scoil nó chun oibre maidin Dé hAoine, go háirithe i gceantracha cósta agus ar thalamh níos airde mar gheall ar an ghaoth mhór. Ba chóir do gach tiománaí a bheith iontach cúramach agus iad ag tiomáint, níos mó ama a thabhairt dóibh féin lena dturas a dhéanamh, agus súil ghéar a choinneáil amach fá choinne craobhacha crainn agus smionagar ar na bóithre. Tá baol ann go dtitfidh crainn chomh maith.

 

Ba chóir d’úinéirí tí, úinéirí réadmhaoine agus gnólachtaí déanamh réidh agus aon ábhar scaoilte, amhail troscán, cláracha fógraí, scafalra, comharthaíocht, trampailíní agus boscaí bruscair, a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ón ghaoth mhór, a cheangal nó a dhéanamh sábháilte.

 

Lena chois  sin, tá an Chomhairle ag iarraidh ar úinéirí réadmhaoine agus ar shealbhóirí réadmhaoine i gceantracha atá i mbaol ó thuilte cósta a bheith ullmhaithe le gach rud riachtanach a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht.  

 

Tá Foireann Bainistiú Éigeandála Chomhairle Contae Dhún na nGall ag bualadh ar maidin leis na socruithe riachtanacha deireanacha a dhéanamh agus leanfaidh siad de bheith ag coinneáil súil ar an scéal. Beidh an Chomhairle ag cur tuilleadh fógraí ar Facebook agus ar Twitter @DonegalCouncil #StormCallum.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle le linn gnáthuaireanta oibre ar (074) 91 53900 agus má tharlaíonn eachtra éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar (074) 91 72288.  Is féidir dul i dteagmháil le hUisce Éireann ar 1850 278 278.  I gcás éigeandála ina bhfuil gá leis an tSeirbhís Dóiteáin, cuir scairt ar 999. 

 

Is féidir leat fógraí aimsire saor in aisce a fháil chuig do ghuthán trí chlárú ar www.mapalerter.com/donegal.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO