Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábhailteacht ar bhóithre

Moltar do thiománaithe a bheith cúramach ar na bóithre

Easter Road Safety

 

Tá Grúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall ag iarraidh ar úsáideoirí bóithre i nDún na nGall a bheith airdeallach agus freagrach ag  deireadh seachtaine Saoire Bainc na Cásca chun básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar ár mbóithre a sheachaint. Tá an grúpa ag iarraidh ar gach úsáideoir bóthair a bpáirt a ghlacadh chun a chinntiú go n-úsáidtear ár mbóithre go sábháilte. Tá sé ríthábhachtach go ndíríonn gach duine ar shábháilteacht ar bhóithre, mar léiríonn staitisticí go bhfuil gach seans go mbeidh méadú ar líon na dtimpistí le linn laethanta saoire poiblí.

 

Deir Brian O'Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóithre, “As siocair na dea-aimsire atá tuartha don deireadh seachtaine agus le laethanta fada geala, cuirtear i gcuimhne do choisithe agus do rothaithe éadaí ardfheiceálacha nó fluaraiseacha a chaitheamh i gcónaí sa dóigh is go mbeidh siad le feiceáil ó ghiota fada ar shiúl agus caithfidh tiománaithe a bheith cúramach fosta agus a bheith airdeallach maidir le húsáideoirí eile thart timpeall orthu. 

 

“In ainneoin gurb í an tSábháilteacht Bóithre an ardtosaíocht atá ag an Ghrúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall, go fóill féin, tá ceathrar marbh ar bhóithre Dhún na nGall go dtí seo.  Le linn laethanta saoire na Cásca, beidh a lán daoine ag iarraidh cuairt a thabhairt ar theaghlach agus ar chairde, cuid de na turais fada go leor.  Cuimhnigh go bhfuil gach duine sa staid céanna, ná bíodh frustrachas ort má tá tú sainithe ar chúl tráchta atá ag bogadh go mall, bí foighneach agus ná sciorr thar éinne go dtí go bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh. Is féidir tuirse tiománaithe a chur isteach ort agus moltar don tiománaí a bhfuil tuirse air nó uirthi, sos a ghlacadh ar feadh tamaill”.

 

“Is mian linn go mbainfidh gach duine sult as deireadh seachtaine Saoire Bainc na Cásca agus nach gcasfaidh siad le tiománaí ag tiomaint róghasta, nó le tiománaí faoi thionchar drugaí nó óil nó ar an dá rud.  Is rogha é a bheith ag tiomáint faoi alcóil nó drugaí, ní tharlaíonn sé gan ghníomh.  Is rud iontach contúirteach a leithéid a dhéanamh agus ní amháin go bhfuil tú ag cur do bheatha féin i mbaol, ach tá tú ag cur beatha daoine eile i mbaol fosta”.

 

Beidh an Garda Síochána an-dian ar dhaoine: ag tiomáint faoi thionchar an óil: ag tiomáint róghasta:  iad siúd nach bhfuil criosanna sábhála á chaitheamh acu agus iad siúd a bhfuil fóin phóca a úsáid acu.  Beidh tuilleadh patróil le feiceáil ar na bóithre agus beidh neart seicphointí ar bun acu sna bailte agus faoin tuath chomh maith.

 

"Tá muid ag impí ar thiománaithe a n-am a ghlacadh, gan tiomáint faoi thionchar an óil nó i ndiaidh drugaí a ghlacadh, crios sábhála a chaitheamh i gcónaí, a bheith airdeallach agus cúramach i mbun tiomána gan na fóin phóca a úsáid ar chor ar bith.

 

Ar son an Ghrúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall, ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le Cáisc an-sábháilte agus sona a ghuí ar achan duine.  Leanfaimid orainn ag obair le chéile chun ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte ”.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO