Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháilteacht Bóthair le linn na Cásca

Bímis slán ar na bóithre le linn na Cásca

 

Stay Safe on the roads this Easter

 

Agus Saoire na Cásca buailte linn tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag tathant ar gach ball den phobal a bheith cúramach agus iad ag taisteal ar na bóithre le linn na saoire.

 

Le linn na Cásca beidh go leor daoine ag dul ar cuairt chuig daoine muinteartha agus chuig cairde, cuid acu ar thurais fhada. Cuimhnigh go bhfuil gach duine eile sa chás chéanna leatsa; ná bíodh cantal ort má bhíonn tú gafa ar chúl feithiclí atá ag dul go mall, bí foighdeach agus fan go mbíonn sé sábháilte agus ná gabh thart ach amháin nuair a bhíonn sé go hiomlán sábháilte leis sin a dhéanamh.

 

Seo roinnt leideanna sábháilteachta don bhóthar:

 

  • Bí cinnte go mbíonn crios sábhála ort i gcónaí, agus déan cinnte go ndéanann do chuid paisinéirí amhlaidh fosta. I gcás suíocháin do pháistí, déan cinnte go bhfuil siad curtha isteach mar is ceart, agus go bhfuil siad á úsáid mar is ceart.

 

  • Ná bí ag tiomáint agus tú faoi thionchar an óil ná drugaí choíche. Chan amháin go mbíonn dochar mór déanta do do chumas chun gníomhú go héifeachtach i gcás eachtra, ach bíonn do scileanna chun cinneadh a ghlacadh agus breithiúnas a thabhairt go mór in easnamh chomh maith. D’fhéadfá daoine eile a mharú ar an bhóthar, do phaisinéirí - agus tú féin.

 

  • Ná bí ag tiomáint má tá tú tuirseach.  Má thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag streachailt le do shúile a choinneáil oscailte, aimsigh áit shábháilte le stad agus do scíth a ligint, nó lig do dhuine éigin eile tiomáint.

 

  • Cloígh le teorainneacha luais i gcónaí.  Nuair a tharlaíonn eachtra éigin go tobann gan choinne ar an bhóthar - bíonn tábhacht ar leith leis an luas atá tú a dhéanamh. Is é do luas a shocraíonn cad é a tharlóidh. Moilligh síos.

 

  • Ná lig do ghuthán póca cur isteach ort. Tá sé in éadan an dlí guthán póca a úsáid agus tú ag tiomáint, agus tá sé thar a bheith contúirteach chomh maith. Ná húsáid guthán póca agus tú ag tiomáint.

 
 

Coisithe, Rothaithe agus Gluaisrothaithe

 

  • Bí cinnte go bhfuil tú le feiceáil trí éadaí ardfheiceálach nó frithchaiteach a bheith ort.

 

  • Déan cinnte go bhfuil d’fheithicil ar chaighdeán sásúil le bheith ar an bhóthar.  Seiceáil d’fheithicil go rialta agus déan cinnte go bhfuil na boinn sábháilte agus maith go leor le bheith ar an bhóthar.

 

  • Coinnigh siar achar sábhailte ó fheithiclí eile romhats, agus coinnigh achar sábháilte stadtha i gcónaí.

 

  • Má chliseann ar do mhodh iompair, cuir na guais-soilse ag gabháil láithreach bonn. Ná tar amach as an charr mura bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh. 

 

  • Cuir do shoilse ar obair.  Is cuma cén t-am den lá nó den oíche atá ann, déan cinnte go dtig le daoine eile ar an bhóthar tú a fheiceáil.

 
Seo mar a labhair Brian O Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, “agus muid ag dul isteach i saoire na Cásca d’iarrfainn go láidir ar gach úsáideoir bóthair cuidiú linn na bóithre s’againne a choinneáil slán sábháilte. Caithfidh muid a chuimhneamh i gcónaí go dtig fíordhroch-impleachtaí a bheith i gceist de bharr botún ar bith ar na bóithre. Tá baol breise i gceist le linn an deireadh seachtaine seo mar go mbíonn níos mó daoine amuigh ar na bóithre, mar sin de, bí cúramach agus faicheallach i dtaca le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile. Le níos mó tráchta ar na bóithre, beidh méadú ar an am a ghlacfaidh sé turas a dhéanamh agus táimid ag tathant ar gach duine atá ag taisteal i bhfad neart ama a thabhairt dóibh féin lena gceann scríbe a bhaint amach, an bealach a phleanáil, a n-am a ghlacadh, agus codladh maith a fháil, nó sos maith a fháil, sula dtabharfaidh siad faoin turas.

 

Agus dúirt sé leis ‘ba mhaith linn go mbainfeadh gach duine sult as Saoire na Cásca gan faitíos ná imní a bheith orthu go bhfuil siad chun castáil le tiománaí atá ag dul róghasta, nó atá faoi thionchar an óil nó drugaí nó an dá rud. Ní de sheans a tharlaíonn sé go mbíonn daoine ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí, is cinneadh a dhéantar d’aonghnó é, agus tá sé fíorshantach agus fíorchontúirteach mar ghníomh. Tá tú ag cur do bheatha féin i mbaol, ach lena chois sin, tá tú ag cur beatha daoine eile i mbaol.  Mura bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do staitistic agus teaghlach a fhágáil croíbhriste agus faoi scáth an bhróin, caithfidh tusa, agus gach úsáideoir bóthair, a bheith freagrach.’

 

Go dtí seo i mbliana, tá 48 nduine i ndiaidh bás a fháil ar na bóithre in Éirinn, agus maraíodh beirt acu sin ar bhóithre Dhún na nGall.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO