Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scannáin Monty Hall

Feachtas Eachtraíochta Teaghlaigh Monty Hall i nDún na nGall

 

Monty Halls Family Adventure Campaign in Donegal

 

 

“Tá Dún na nGall mar chontae suite ar vearanda na hEorpa - cá háit eile ar domhan a dtig leat seasamh le do chuid sál ar imeall mór-roinne, agus do ladhracha ar imeall an Atlantaigh mhóir?

 

 

Tarraingíonn na foclaí seo ó Monty Hall aird ar Dhún na nGall agus ar sheoladh na sraithe scannán ar líne, eachtraí teaghlaigh Monty Hall. Táthar ag dréim go mbeidh Dún na nGall san áit is dual di a bheith, i measc cuid de na háiteanna is fearr eachtraíocht ar fud an domhain.

 

 

Féach físeán anseo https://youtu.be/n7HgqSZua00.

 

 

Is é a dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Ó Domhnaill “D’éirigh tharr barr ar fad le Comórtas Gailf Éireann an Dubai Duty Free, cor cinniúna do Dhún na nGall, ach tá muid i gcónaí ag pleanáil don am amach romhainn agus ag amharc i dtreo na chéád deis eile le Dún na nGall a chur chun cinn arís. Sin an tuige a bhfuil lúcháir orainn a bheith ag seoladh scannáin eachtraíochta teaghlaigh Monty Hall ar na hardáin éagsúla ar líne le linn mhí Iúil.”

 

 

Arsa Bearnaí Mac Lochlainn, Bainisteoir Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall “spreagann na scannáin seo na mothúcháin sa lucht féachana. Tá i bhfad níos mó ann ná radharcanna agus tírdhreacha. Insíonn na scannáin ‘scéal’ Dhún na nGall, chomh maith le háilleacht na háite a chur ar taispeáint. Cuireann siad croí Dhún na nGall inár láthair, mar a tchíonn an pobal áitiúil an contae agus mar a tchíonn cuairteoirí ar nós Monty agus a theaghlach é. Tá béim ar an Ghaeilge agus ar an chultúr, agus tá tagairt sna scannáin don tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht”.   

 

 

Agus ar seisean “Cuireann Dún na nGall daoine faoi gheasa. Meallann sí isteach iad, agus cruthaíonn ceangal eatarthu. Ní dhéanann daoine dearmad ar a n-am ar cuairt sa chontae seo. Nuair a fhágann daoine, bíonn fonn orthu pilleadh arís. Tá fíorghrá acu don áit, tugann roinnt daoine cuairt orainn agus pilleann siad níos moille, tugann roinnt daoine cuairt orainn agus ní fhágann siad go deo. Is furasta a fheiceáil sna scannáin seo cad chuige a bhfuil an-tóir agus an-ráchairt ar Dhún na nGall mar cheann scríbe deas do theaghlaigh”.

 

 

D’eitil Monty Halls, a bhean chéile Tamsyn agus a iníonacha Molly agus Isla isteach go hAerfort Dhún na nGall, an tuirlingt is áillte sa domhan, ar an 26 Bealtaine agus d’fhan siad ar feadh míosa, beagnach. Is é Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a thosaigh an feachtas margaíochta seo agus é de sprioc againn Dún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe eachtraíochta atá ag fóirstean don teaghlach iomlán. Tá Landrover agus Brig Rib Boats ina gcomh-urraitheoirí fosta.  Níorbh fhéidir an feachtas seo a dhéanamh gan cuidiú agus tacaíocht ó ghnólachtaí áitiúla ar fud an chontae, go háirithe san earnáil turasóireachta, agus tá barraíocht acu le liostú ina cheann is ina cheann, ach gan iad ní tharlódh an feachtas seo.

 

 

Tá an-chlú agus an-aithne ar Monty mar gheall ar a shraithchlár ‘Great Escapes’ le BBC2, agus ba eisean fosta a rinne láithreoireacht ar an tsraith ardghradamach an ‘Great Barrier Reef’.  D’oibrigh Monty fosta le Channel 4, National Geographic, The History Channel, Channel 5 agus an BBC. Is é an obair is déanaí atá idir lámha aige ná WWII’s Great Escapes: The Freedom Trails.  

 

 

Beidh na scannáin ar taispeáint ar leathanaigh mheáin shóisialta Go Visit Donegal, ar a n-áirítear YouTube, Facebook agus Twitter. Tá feachtas mór fógraíochta beartaithe lena chinntiú go bhfeicfidh an líon is mó daoine agus is féidir na scannáin.  Tá na scannáin mothúchánach agus ceanglaíonn siad an lucht féachana le croí agus le cuisle Dhún na nGall, leis na daoine agus leis na háiteanna. Cruthaíonn siad caidreamh speisialta idir an lucht féachana agus Dún na nGall. Níl aon amhras ach go bhfeicfidh cuid mhór daoine ar fud an domhain na scannáin seo, agus go spreagfar na daoine sin.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO