Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scannánú Gairid sna Gleannta

Scannánú gairid Gaeilge sna Gleannta

 

 

26 Meitheamh - 3 Iúil

 

 

Tá tús curtha le scannánú sna Gleannta ar An Crann, scannán gairid bunaithe ar dhán den ainm céanna de chuid Nuala Ní Dhomhnaill. Is togra trasnáisiúnta é An Crann, ar a bhfuil criú de chéimithe nua ó Scoil Ealaíne Tisch in Ollscoil Nua-Eabhrac agus an Scoil Náisiúnta Scannán in IEDT Dhún Laoghaire.

 Irish language short to shoot in Glenties

Insíonn an scannán scéal Bhreandáin agus Aisling, lánúin atá ina chónaí lena chéile i nDún na nGall ar feadh cúig bliana is fiche. Ní tharlaíonn mórán ina saol... go dtí lá amháin, nuair a ghearrann comharsa nua síos an crann s'acusan.

 

Nuair a deir Aisling lena gcomharsa go bhfuil botún déanta aici, tugann an bhean tairiscint d'Aisling ceann dá cuid crann féin a ghearradh síos mar chúiteamh. Is breá le Breandán deis díoltais a bheith aige, ach tá rún daingean ag Aisling maithiúnas a thabhairt agus dearmad a dhéanamh de. Ach leanann an bhean léi ag cur a laidhre isteach i saol na lánúine, agus ní fada go dtugtar ar Aisling cinneadh crua a dhéanamh.

 

Tá seanfhondúirí an scáileáin agus an ardáin in Éirinn Bairbre Ní Chaoimh agus Nichola MacEvilly i measc na réaltaí sa scannán Gaeilge seo, scríofa ag Emma Carlson.

 

Tá Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is mó clú in Éirinn, agus is i nGaeilge amháin a scríobhann sí. Tá a cuid saothair aistrithe go Béarla ag Paul Muldoon, Séamus Heaney agus Medbh McGuckian. Foilsíodh An Crann in Rogha Dánta le Ní Dhomhnaill in 1988. Selected Poems.

 

Tá lúcháir ar Aideen Doherty, ó Oifig Scannán Dhún na nGall i gComhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil an scannán seo á dhéanamh sna Gleannta.  "Bhí muid ag comhoibriú leis an teagmhálaí áitiúil don scannán seo agus ag cur eolais ar fái‌l faoi cad é atá le tairiscint ag Dún na nGall mar áit le haghaidh scannáin.  Níl aon amhras ach go raibh ard-áilleacht na háite seo sna Gleannta ina bhuntáiste mór agus muid ag iarraidh an scannán seo a mhealladh."

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an scannán seo, gabh chuig: http://www.ancrannfilm.com/#

 

 

Críoch

 

Scéalta ábhartha eile:

Dún na nGall ar an scáileán mór!

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO