Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim Deontais Gnólachtaí Beaga

Spriocdháta ag druidim linn don Scéim Deontais do Ghnólachtaí Beaga

 

 

Bhí freagra iontach dearfach i measc gnólachtaí beaga sa chontae ar an scéim deontais do ghnólachtaí beaga a thug Comhairle Contae Dhún na nGall isteach i mbliana.  Mar sin féin, tá an spriocdháta den 31 Nollaig ag druidim linn agus moltar go láidir do ghnólachtaí gan an deis a chailliúint cur isteach ar an scéim deontais.

 

Tugann an Scéim deontas suas le 5% den bhille bliantúil rátaí ar gach áitreabh a bhfuil rátaí tráchtála á ghearradh air, suas go dtí uasmhéid de €250, agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha áirithe a bheith comhlíonta.  

 

Íoctar an deontas trí laghdú a dhéanamh ar an bhille bliantúil rátaí do na háitribh thráchtála agus cuirtear isteach air ag deireadh na bliana airgeadais.

 

Le bheith i dteideal an deontais seo, caithfidh gnólachtaí a chinntiú go mbeidh a gcuid billí rátaí íoctha ina n-iomláine roimh an 31 Nollaig. 

 

Agus an spriocdháta ag druidim linn go tiubh, tá Patricia McIntyre, Bainisteoir Ceantair le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag tathant ar gach gnólacht atá incháilithe an deis seo a thapú sula mbeidh sé rómhall.

 

"Tá lúcháir orainn leis an ráchairt atá ar an scéim deontais seo i measc gnólachtaí i nDún na nGall"  Is scéim shimplí atá ann agus níl le déanamh ag gnólachtaí leis an deontas a fháil ach a chinntiú go mbeidh a gcuid rátaí uilig íoctha roimh an 31 Nollaig". 

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an scéim deontais seo cliceáil anseo nó cuir scairt ar an Chomhairle ar 074 91 53900.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO