Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim d'úinéirí tí

Deiseanna d'úinéirí a bhfuil tithe acu gan chónaí iontu

Rebuilding Ireland

 

Tá deiseanna ar fáil d’úinéirí tí i nDún na nGall de bharr scéim úr atá dírithe ar thithe príobháideacha gan chónaí iontu a thabhairt ar ais in úsáid.

 

An Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe a thugtar ar an scéim seo, agus tugann sí deis d’úinéirí, a bhfuil tithe acu gan chónaí iontu le breis agus bliain, deisiúcháin a dhéanamh le iad a thabhairt go dtí caighdeán sásúil lena ligint ar léas.   Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarratais nó léirithe spéise ó úinéirí tithe folmha a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh sa scéim seo.

 

Tá an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe mar chuid de Phlean Gníomhaíochta um Atógáil na hÉireann, agus tá sé ar cheann de roinnt tograí atá dírithe ar an stoc príobháideach tithíochta gan chónaí a thabhairt ar ais in úsáid arís, in áiteanna cuí ina bhfuil éileamh ar thithíocht shóisialta.

 

Íocfaidh an t-údarás áitiúil as chéad-chostais na hoibre cóirithe, suas go dtí uasmhéid de €40,000, ach léas idir 10 agus 20 bliain a bheith ar fáil ina dhiaidh. Déanfar na híocaíochtaí léasa a athrú thar thréimhse ama le go mbeifí in ann na chéad-chostais athchóirithe a fháil ar ais. Tá gach eolas ar fáil anseo.

 

Go ginearálta, is iad seo a leanas na buntáistí a bhaineann leis an Scéim don úinéir réadmhaoine:

  • Cíos gan cheist ar shealúchas nach raibh ag saothrú aon teacht isteach;
  • Sealúchas a d’fhéadfadh a bheith ag dul in olcas a fheabhsú;
  • Gan aon chíos a chailliúint le linn tréimhsí nuair a bheadh sé folamh;
  • Gan aon chothabháil ná bainistiú le déanamh ó lá go lá;
  • Gan aon ghá cíos a bhailiú nó tionónta úr a aimsiú;
  • Costais fógraíochta a sheachaint;
  • Tabharfar an áit chónaithe ar ais don úinéir ag deireadh na tréimhse, agus í i staid mhaith, seachas gnáthchaitheamh agus cuimilt.

 

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall cheana féin le Scéim chomhlántach, ar a dtugtar An Scéim ‘Ceannaigh agus Athnuaigh’. Is é atá i gceist leis an Scéim seo go gceannaíonn an t-údarás áitiúil tithe folmha fóirsteanacha laistigh de bhailte agus de shráidbhailte, ar mhaithe leis an athnuachan uirbeach, agus go ndéanann siad iad a athchóiriú. Beidh an fócas ar sheanstoc tithíochta, go háirithe, mar dhóigh chun dul i ngleic le drochstaid foirgnimh agus chun sráid-dreacha a fheabhsú i mbailte móra agus i sráidbhailte.

 

Tá an dá scéim mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Atógáil na hÉireann , agus tá siad dírithe ar dhul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta, chomh maith le sráid-dreacha na mbailte móra agus na sráidbhailte a fheabhsú.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO