Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scoil Phleanála na Ríona i Leitir Ceanainn

Scoil Phleanála Ollscoil na Ríona ar cuairt go Leitir Ceanainn

Queens Uni visit

 

Mic léinn ó Scoil Phleanála Ollscoil na Ríona ar cuairt go Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo le hobair allamuigh a dhéanamh mar chuid de chúrsa máistreachta sa Phleanáil agus Forbairt le hoifigigh de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall Daragh McDonough agus Sinéad Harkin.

 

Thug mic léinn ó Scoil Phleanála Ollscoil na Ríona cuairt ar Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine chun obair allamuigh a dhéanamh mar chuid de chúrsa máistreachta sa Phleanáil agus Forbairt.

 

Le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chaith na mic léinn dhá lá ag suirbhéireacht i lár an bhaile i Leitir Ceanainn, agus ag labhairt le muintir na háite maidir leis na príomh-cheisteanna atá ag an cheantar.   

 

Dhírigh siad ar bheocht an bhaile, a acmhainní, cúrsaí tráchta agus rochtaineachta, agus thug an grúpa cluas d’oibrithe pobail, do pholaiteoirí áitiúla, agus don lucht gnó le léargas níos iomláine a fháil ar na constaicí agus ar na deiseanna atá ann i lár an bhaile mhóir.  Tá sé de chuspóir acu tosaíochtaí a aithint do Leitir Ceanainn agus a fháil amach cad é barúil an phobail mair le fás an bhaile amach anseo.

 

Táthar ag súil go mbeidh aiseolas ón togra ar fáil faoin samhradh agus go mbeidh sé ina chuidiú chun Plean straitéiseach úr a fhorbairt do Leitir Ceanainn, atá á ullmhú ag Seirbhís Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair.

 

Míníonn Eunan Quinn, Pleanálaí Sinsearach le Comhairle Contae Dhún na nGall, go gcuirfear tús leis an Phlean do Leitir Ceanainn trí bhabhta cainteanna a reáchtáil le haghaidh páirtithe leasmhara áitiúla le linn an earraigh in 2018.  Beidh sé seo ina chuidiú chun an dréachtphlean, a bhfuiltear ag súil a bheith foilsithe roimh dheireadh na bliana, a mhúnlú agus a threorú.  

 

“Beidh fáilte roimh aighneachtaí sa chéad chuid den chomhairliúcháin, trí cheardlanna, i scríbhinn nó trí ríomhphost, nó trí áis ar leith ar an idirlíon, chun moltaí a bhailiú ón phobal áitiúil agus an Plean seo á ullmhú againn” arsa Eunan Quinn.  

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an Phlean do Leitir Ceanainn agus ar an dóigh le bheith páirteach sa phróiseas is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Pleanála ar  074 9153900 nó ar [email protected].

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO