Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seachtain na Gaeilge seolta

Seachtain na Gaeilge 2015 seolta i gContae Dhún na nGall

 

Cuireadh tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge ar fud Dhún na nGall, nuair a seoladh imeachtaí na féile bliantúla i Leabharlann Phobail Charn Domhnach, inniu An Aoine 27 Feabhra ar 11;45am.  Beidh an fhéile idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, ar siúl ar 1 - 17 Márta 2015 agus tá clár fairsing imeachtaí  Gaeilge beartaithe do Chontae Dhún na nGall le linn na féile. Sheol Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Clr Seán Mac Ailín, i gcomhar le Cathaoirleach Choiste Gaeilge na Comhairle Contae, An Clr Micheál Ó Cuinn, clár imeachtaí Sheirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall maidin inniu.

 

 

I ndiaidh na n-óráidí, bhí siamsaíocht den chéad scoth ann le seisiún ceoil ón ghrúpa Ceolán, agus go díreach ina dhiaidh sin léirigh daltaí Ghaelscoil Cois Feabhail dráma gairid don lucht féachana.

 

 

 

Agus é ag caint ag an seoladh seo mar a labhair Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Clr Seán Mac Ailín,  “Tá 80 imeacht ar a laghad á reáchtáil ar fud Chontae Dhún na nGall idir an chéad agus an seachtú lá déag de mhí Mhárta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, agus tá mise an-sásta go bhfuil an Chomhairle Contae agus Seirbhísí Leabharlainne na Comhairle agus neart coistí pobail ag glacadh páirte sa tseachtain arís i mbliana.”

         

 

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an cheiliúradh is mó dár dteanga agus dár  gcultúr dúchais. Tugann an fhéile deis d’achan duine sult a bhaint as an Ghaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon.

         

 

 

 

Dar le Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall; “Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall clár imeachtaí áitiúla do Sheachtain na Gaeilge a sheoladh; tá níos mó imeachtaí ná riamh beartaithe againn agus tá súil againn go mbeidh an pobal ar fad, idir óg agus aosta, ag glacadh páirte san fhéile. Tá neart grúpaí, daoine aonair agus scoileanna ar fud an chontae iontach gnoitheach ag ullmhú dá gcuid imeachtaí féin chun tacú leis an fhéile agus an Ghaeilge a chur chun cinn”

 

 

 

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge i nDún na nGall beidh scéalaíocht, cainteanna stairiúla, tráth na gceisteanna, maidineacha caife, siúlóidí Gaeilge, ciorcail chomhrá agus go leor eile.

 

 

Rinne an Comhairleoir Mícheál Ó Cuinn, Cathaoirleach Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall tagairt don tábhacht atá ag ról an ionadaí thofa i gcur chun cinn na Gaeilge.  “Tá 12 Chomhairleoir Contae ar Choiste na Gaeilge anois, an méid is mó riamh, agus ionadaíocht mhaith ó gach toghcheantar. Ní cainteoirí líofa gach comhairleoir atá ar an choiste, ach ba mhaith linn uilig an Ghaeilge a chur chun tosaigh in obair na Comhairle, inár gcuid oibre féin agus i saol an phobail. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na comhairleoirí sin a dhéanann a gcuid gnoithe trí Ghaeilge gach lá, trí agallaimh a dhéanamh ar Ráidió na Gaeltachta, Gaeilge a labhairt ag cruinnithe, agus Gaeilge a úsáid leis an phobal,” a dúirt an Clr Ó Cuinn.

 

 

 

Labhair Séamus Mac Conghaola, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, faoi sheirbhísí Gaeilge ón Chomhairle. Dúirt sé chomh maith go mbeidh an Chomhairle anois ag spreagadh baill foirne leis an Fháinne a chaitheamh lena chur in iúl don phobal go bhfuil Gaeilge acu agus breá sásta í a labhairt leo, agus mhol sé do bhaill foirne na Comhairle an Ghaeilge a úsáid fosta le linn lá giolcaireachta na n-údarás áitiúil ar an Déardaoin 5 Márta.

 

Labhair Eileen Burgess, Leabharlannaí an Chontae, faoi na himeachtaí agus na seirbhísí a bhíonn ar fáil ón leabharlann ó thús deireadh na bliana, agus ghabh sí buíochas leis na baill foirne sna leabharlanna ar fad atá ag reáchtáil imeachtaí le linn Sheachtain na Gaeilge idir 1ú Márta agus 17ú Márta.

 

 

Tá liosta imeachtaí do Dhún na nGall ar fáil sa bhileog thíos, agus tuilleadh eolais ó Sheán Ó Daimhín ar 074 91 72496 nó [email protected]. Tá liosta de na himeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil ag www.snag.ie.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO