Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seachtain Oidhreachta - Seoladh

Seoladh Chlár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall

 

 

Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ón Satharn 18 Lúnasa  go dtí an Domhnach 26 Lúnasa 2018 agus tá sé á chomhordú ag an Chomhairle Oidhreachta agus ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil. 

 

Tá an Clár Imeachtaí le haghaidh Seachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall curtha i dtoll a chéile ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall. Is é atá ann leabhrán beag póca, saor in aisce, a thugann eolas ar an 116 imeacht a bheas ar siúl ar fud Chontae Dhún na nGall, agus an chuid is mó acu saor in aisce. 

 

 

Is é an Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, a sheolfaidh an Clár Imeachtaí i gCaisleán Ghleann Bheatha, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Dé Máirt 7 Lúnasa ag 12 meánlae.  Is féidir le lucht eagraithe na n-imeachtaí a gcuid cóipeanna den Chlár Imeachtaí a fháil ag an tseoladh.  Tá fáilte roimh achan duine a bheith i láthair agus beidh sólaistí ar fáil.     

 

 “Ós rud é gurb é 2018 Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha tá muid ag spreagadh daoine le ‘Ceangal a Dhéanamh’ lena n-oidhreacht bíodh sin áitiúil, náisiúnta nó Eorpach”, a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Nuair a dhéantar infheistíocht san oidhreacht chultúrtha, thógtha agus chultúrtha, déantar ceangal idir daoine agus áit, tacaítear le geilleagair áitiúla, agus cuirtear borradh faoinár dtionscal turasóireachta.  Tá daoine i ndiaidh teacht le chéile arís i mbliana ó eagraíochtaí oidhreachta, coistí pobail, iarsmalanna, ionaid oidhreachta agus An Rannóg Cultúir, Comhairle Contae Dhún na nGall, le clár iontach imeachtaí a chur le chéile do Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall.  Is é téama Sheachtain na hOidhreachta i mbliana ná ‘Scéal a Insint’ agus tá neart scéalta le hinse i gContae Dhún na nGall faoinár n-oidhreacht, tírdhreach, timpeallacht, stair, béaloideas, scileanna traidisiúnta agus saol na ndaoine anseo.  Ní nach ionadh mar sin gur i gContae Dhún na nGall, arís eile i mbliana, a bheas an líon is mó imeachtaí in aghaidh gach duine den daonra.”

 

Is iad aidhmeanna na Seachtaine Oidhreachta feasacht a ardú i dtaca lenár n-oidhreacht agus daoine a spreagradh le í a chosaint, a chaomhnú agus a chothú.  Tá Contae Dhún na nGall ar an chontae ina mbeidh an líon is mó imeachtaí in aghaidh an daonra agus tá breis agus 20 ceann de na 116 imeacht atá beartaithe don tSeachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall á reáchtáil nó á óstáil ag Rannóg Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall.  I measc na n-imeachtaí tá laethanta oscailte ar an oidhreacht thógtha, siúlóidí treoraithe, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, cainteanna léirithe, ceardlanna, scéalaíocht, athléirithe ar imeachtaí stairiúla, gníomhaíochtaí do pháistí, láinseálacha ar imeachtaí, agus taispeántais ar scileanna traidisiúnta.

 

Beidh cóipeanna den Chlár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar fáil in oifigí turasóireachta, i leabharlanna, in ionaid seirbhíse poiblí, iarsmalanna agus ionaid oidhreachta an tseachtain seo chugainn agus ar líne agwww.heritageweek.ie  or  www.donegalcoco.ie/heritage

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO