Beidh an láithreoir clúiteach Gay Byrne i nDún na nGall amárach le Bróisiúr Turasóireachta úr do Dhún na nGall a sheoladh, chomh maith le haip.
Is minic a bhíonn Gay ar cuairt i nDún na nGall, le blianta fada anois, agus is léir gur rogha den chéad scoth é le bheith ina ambasadóir do Dhún na nGall.
Tá eolas ar fáil sa bhróisiúr 58 leathanaigh i dtaca le réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí sa chontae. Beidh aip úr ag dul leis an bhróisiúr sa dóigh is go mbeidh daoine a bhfuil suim acu teacht go Dún na nGall in ann eolas a aimsiú ar a ghléasanna teicneolaíochta.
Beidh an seoladh ar siúl i gCaisleán Ghleann Bheatha maidin amárach.
CRÍOCH