Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Síneadh ama Plean Forbartha

Síneadh ama fá choinne aighneachtaí chuig Dréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall

Tá síneadh ama curtha leis an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí fá choinne Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall go dtí 4pm Dé hAoine 1 Meán Fómhair 2017.

 

Tá an síneadh ama seo á chur ar fáil le tuilleadh ama a thabhairt don phobal aighneachtaí a dhéanamh i dtaca leis an phlean de bharr earráid cló i seoladh ríomhphoist ar shuíomh idirlín na Comhairle agus le tuilleadh ama a chur ar fáil le linn na laethanta saoire. 

 

Má rinne tú aighneacht trí ríomhphost roimh an 13 Iúil 2017, agus mura bhfuair tú admháil láithreach bonn i bhfoirm ríomhphoist, is féidir nach bhfuarthas d’aighneacht. Tá an Chomhairle buartha faoin earráid seo agus tá muid ag iarraidh ort an aighneacht a chur isteach arís chuig[email protected]

 

Tá Dréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018 - 2018 agus an Tuarascáil Timpeallachta ullmhaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus leagtar amach ann creat beartais pleanála um úsáid talún chun treoir a thabhairt i dtaca leis an dóigh a ndéanfar Contae Dhún na nGall a fhorbairt san am atá romhainn.  Nuair a ghlacfar leis, beidh na polasaithe agus na beartais sa phlean tábhachtach ó thaobh cinnithe a dhéanamh ar iarratais phleanála i nDún na nGall.

 

Tá sé ar an chéad phlean comhtháite do limistéar feidhme Chomhairle Contae Dhún na nGall ina hiomláine, ar a n-áirítear na seanlimistéir faoi Chomhairlí Baile Leitir Ceanainn, Bhun Cranncha agus Bhun Dobhráin.

 

Is féidir tuairimí nó aighneachtaí maidir le Dréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018 - 2024 agus an Tuarascáil Timpeallachta a dhéanamh roimh 4pm Dé hAoine 1 Meán Fómhair agus cuirfear san áireamh iad sula n-aontófar an Plean.  Is féidir aighneachtaí a dhéanamh tríd an phost chuig An Lár-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear nó trí ríomhphost chuig[email protected] .

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Dhréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall agus ar an dóigh le haighneacht a dhéanamh, cliceáil anseo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO