Is mian le Comhairle Contae Dhún na nGall a dheimhniú nach bhfuil méadú ar an bhuiséad caiteachais i dtaca le costais na gComhairleoirí le haghaidh 2016.
Tá laghdú ar an chaiteachas iomlán atá socraithe do 2016 i gcomparáid leis an mhéid ar glacadh leis in 2015, trasna na gceannteideal comhtháite faoi Ionadaíocht Áitiúil agus Ceannaireacht Chathartha, agus ar ghlac na baill leis ag an chruinniú buiséid ar an 18 Samhain 2015.
Tá laghdú de €2,217 faoin cheannteideal buiséid seo bliain ar bhliain.