Tá Scéim Tacaíochta an Rialtais dóibh siúd a d'fhulaing le linn na dtuilte leathnaithe anois go dtí eagraíochtaí pobail, deonacha agus spóirt.
Tá an scéim á riar ag Cumann Croise Deirge na hÉireann agus clúdófar damáiste d'fhoirgnimh, d'ábhair nó do threalamh le linn na stoirmeacha ar na mallaibh, agus is é an 31 Eanáir 2016 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.
Beidh dhá chéim leis an scéim. Sa chéad chéim tabharfar suim €5,000 láithreach bonn, ag brath ar a dhonacht agus atá an damáiste, agus sa dara céim díreofar ar thacaíocht bhreise d'áitribh, d'ábhair laistigh nó do threalamh a ndearnadh damáiste suntasach os cionn €5,000 dóibh. Tá an leibhéal iomlán tacaíochta atá ar fáil don dá chéim teoranta go dtí uasmhéid de €20,000 an t-áitreabh.
Tá an scéim seo sa bhreis ar thacaíocht eile atá ar fáil do shealbhóirí tí, do ghnólachtaí beaga agus do phobal na feirmeoireachta. Cliceáil anseo fá choinne tuilleadh eolais faoin tacaíocht atá ar fáil.