Faoi gheasa ag an scéalaíocht i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha.
Agus an Nollaig ag druidim linn, tá leabharlanna i nDún na nGall ag cuidiú le teaghlaigh a bhfuil páistí óga acu sult a bhaint as an fhéile trí imeachtaí teaghlaigh a reáchtáil i seacht gcinn de leabharlanna ar fud an chontae.
I measc na n-imeachtaí seo tá seisiúin scéalaíochta agus carúil na Nollag, agus tá siad uilig saor in aisce agus oscailte do gach duine. Beidh an chéad imeacht ar siúl An Domhnach beag seo (2 Nollaig) i Leabharlann Bhun an Phobail ar 5.30pm, agus beidh imeachtaí eile ar siúl sna seachtainí amach romhainn i mBun Cranncha, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, Na Rosa, Carn Domhnach agus Bun Dobhráin.
“Agus an Nollaig ar na bacáin ba mhaith linn cuidiú le teaghlaigh réamhbhlaiseadh a fháil ar an séasúr trí suí síos go deas teolaí lena bpáistí agus roinnt ‘am teaghlaigh’ a chaitheamh sna leabharlanna s’againne” a mhínigh Donna Cavanagh ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall.
“Ba mhaith linn an léitheoireacht a spreagadh mar ghníomh teaghlaigh agus eolas a thabhairt maidir le buntáistí na léitheoireachta mar ghíomh spraíúil sultmhar do pháistí agus maidir leis na seirbhísí agus na háiseanna atá ar fáil do pháistí inár gcuid leabharlann. Tá sé seo uilig mar chuid den fheachtas ‘An Ceart chun Léitheoireachta’.”
Mar sin de, déan réidh le do scíth a ligean le leabhar den scoth le linn na Nollag, agus buail isteach chuig ceann ar bith de na himeachtaí s’againne, atá saor in aisce agus oscailte do gach duine.
Seo a leanas an t-amchlár imeachtaí le haghaidh Am Teaghlaigh sna Leabharlanna 2018:
Leabharlann |
Dáta |
Am |
Mionsonraí
|
Bun an Phobail |
Dé Domhnaigh 2 Nollaig |
5:30 pm |
Soilse As! - Scéalaíocht na Nollag le haoi-léitheoir
|
Bun Cranncha |
Dé Céadaoin 5 Nollaig |
6: 30 pm |
Emma Porter ó Vivid Performances
|
An Lárleabharlann |
Déardaoin 20 Nollaig |
6:00pm |
Scéalaíocht
|
Baile na nGallóglach |
Dé Céadaoin 12 Nollaig |
6:30pm |
Scéalaíocht
|
Na Rosa |
Dé Céadaoin 12 Nollaig |
10.00am |
Scéalaíocht na Nollag le Breege Ward
|
Carn Domhnach |
Déardaoin 13 Nollaig |
6.30pm |
Soilse As! - Scéalaíocht na Nollag le haoi-léitheoir
|
Carn Domhnach |
Dé Sathairn 15 Nollaig |
11:00am |
Samhlaíocht agus machnamh le A Christmas Carol i gcomhar le Relax Kids
|
Bun Dobhráin |
Dé Céadaoin 19 Nollaig |
6:30pm |
Tuismitheoirí agus Páistí
|
Fá choinne tuilleadh eolais buail isteach i do leabharlann áitiúil nó féach ar donegallibrary.ie nó lean Leabharlann Chontae Dhún na nGall ar Facebook nó ar Twitter.