Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Teastas i dTurasóireacht Mara

Teastas i dTurasóireacht Mara agus Bia Mara

 

 Certificate in Marine Tourism 379 x 269

 

Tá iarratais á lorg fá choinne Teastas i dTurasóireacht Mara agus Buneolas fá Bhia Mara de chuid Scoil Turasóireachta Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (ITLC). Tá an clár oideachais seo forbartha mar Ghradam Speisialta Leibhéal 6 agus díríonn sé go sonrach orthu siúd ar suim leo níos mó a fhoghlaim fá dtaobh de bhia mara, agus fá dtaobh den turasóireacht mhara agus chósta.

 

Déanann an clár speisialtóireacht i bhforbairt scileanna agus inniúlachtaí i réimsí a bhaineann le próiseáil bia mara agus turasóireacht na mara, agus is féidir é a úsáid i réimse leathan fiontar turasóireachta, ar a n-áirítear bia mara a tháirgiú, óstáin, bialanna, tithe tábhairne agus lucht soláthair imeachtaí turasóireachta.

 

Ós rud é go bhfuil an cúrsa lánmhaoinithe ní bheidh costas ar bith ar an iarratasóir, ach caithfidh iarratasóirí lá amháin sa tseachtain a chur ar leataobh fána choinne idir Eanáir agus Bealtaine 2017.

 

Tá an clár seo mar chuid de Thogra Chonair Chósta Atlantaigh Dhún na nGall agus tá maoiniú á chur ar fáil ag Coimisiún na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara le haghaidh Forbairt Eacnamaíochta i gCeantracha Tuaithe, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta.

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais, íoslódáil Certificate in Marine Tourism Brochure.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO