Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Téimis níos moille ar na bóithre!

Téimis níos moille ar na bóithre!

Tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag tathant ar thiománaithe dul níos moille le linn Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.

 

 

Eisíodh 47,077 bhfógra muirear seasta go náisiúnta as ucht an róluais ó Eanáir go Márta 2015.

Is minice a bheirtear ar thiománaithe ciontacha i mbun ard-luais i limistéir ina bhfuil luasteorainneacha níos airde.

Is cúis mhór timpistí nó imbhuailte go fóill é an róluas nó an luas míchuí.

 

 

Cé go mbíonn an chuid is mó den lucht tiomána ag tiomáint go sábháilte agus laistigh de na luasteorainneacha atá i bhfeidhm, tá líon nach beag go fóill a mbeirtear orthu ag tiomáint ar luas atá níos airde ná mar atá ceadaithe de réir an dlí. Tá na tiománaithe seo ar na bóithre inár gcuideachta i rith an ama agus thángthas orthu ag taisteal ar luasanna atá go mór thar an teorainn luais. Níl sé seo inghlactha ar dhóigh ar bith.

 

 

Tá ráchairt mhór ar Railí Dhún na nGall, is imeacht é a fhaigheann neart tacaíochta, agus beidh méadú suntasach ar an méid tráchta a bheas ar na bóithre s'againne le linn dheireadh seachtaine an railí. Tá muid ag moladh don phobal á n-am a ghlacadh ar na bóithre agus achan rud agus is féidir a dhéanamh chun cur lena sábháilteacht féin agus le sábháilteacht daoine eile, is cuma cé chomh fada nó gairid atá an turas, agus gan bheith ag iarraidh aithris a dhéanamh ar rudaí a tchíonn siad le linn an ráis.

 

 

Caithfidh muid uilig oibriú níos crua le líon agus le holcas na dtimpistí bóthair a laghdú. Is é an róluas nó luas míchuí an chúis is mó le timpistí nó imbhuailtí ar ár gcuid bóithre go fóill. A ghasta a théann an fheithicil is amhlaidh gur mó an baol atá ann go dtarlóidh timpiste agus gur mó an dochar a dhéantar sa timpiste.

 

 

Is í an teachtaireacht atá againne le linn dheireadh seachtaine an Railí ná dul níos moille, le bhur dtoil. Ní fiú an baol fíneála, an baol pointí ar do cheadúnas, nó níos measa go fóill. Gach lá, is muidne, lucht tiomána, a shocraíonn cé atá chun teacht slán ar na bóithre, agus cé atá chun bás a fháil. Déanaimis uilig an cinneadh ceart; má théimid uilig níos moille is féidir linn tuilleadh daoine a shábháil ón bhás ar na bóithre.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO