Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tinte Aitinn

Cuidiú an phobail á lorg le tinte aitinn a chosc

Wild Fire in Donegal 379 x 269

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith cúramach le linn na dea-aimsire seo agus gach beart is riachtanach a dhéanamh le tinte aitinn, tinte fraoigh, tinte foraoise agus a macasamhail sin a sheachaint.

D'iarr Seosamh Mac an tSagairt, An Príomh-Oifigeach Dóiteáin Gníomhach, ar an phobal agus ar úinéirí talún gan dul i mbun gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh tinte aitinn a thoiseacht.

 

D'iarr sé chomh maith ar shealbhóirí tí aon ghlasra in aice láimhe a ghearradh siar óna gcuid tithe le nach dtiocfadh aon tine aitinn isteach sa mhullach orthu.

 

D'fhéadfadh na tinte seo cur isteach go mór ar an fhiadhúlra, agus fiú in amannaí iad a scriosadh ar fad.

 

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar dhaoine a bheith ar an airdeall agus, má tchíonn siad aon tine as smacht, scéala a chur chiug an Bhriogáid Dóiteáin trí scairt a chur ar 999 nó 112.

 

.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO